14 “Mar beidh sé mar fhear ag dul ar aistear a ghlaoigh ar a sheirbhísigh agus a chuir cúram a mhaoine uile orthu;
15 thug sé cúig thallann do dhuine acu, agus dhá thallann do dhuine eile, agus aon tallann amháin do dhuine eile, de réir na hacmhainne a bhí ag an uile dhuine acu. D'imigh sé leis ansin.
16 Chuaigh an té a fuair na cúig thallann a dhíol agus a cheannach leo; agus ghnóthaigh sé cúig thallann eile.
17 Mar an gcéanna, an té a raibh dhá thallann aige, ghnóthaigh sé dhá thallann bhreise.
18 Ach an té nach bhfuair ach aon tallann amháin chuaigh seisean a thochailt an talaimh agus a chur i bhfolach an airgid a bhí aige óna mháistir.
19 Chuaigh tamall fada thart agus ansin tháinig máistir na seirbhíseach úd gur shocraigh sé a chuntais leo.
20 Agus tháinig an té a fuair na cúig thallann chun tosaigh, ag tabhairt leis cúig thallann eile, agus dúirt sé, ‘A mháistir, thug tú cúig thallann dom; siúd cúig thallann bhreise a ghnóthaigh mé.’