18 Ach an té nach bhfuair ach aon tallann amháin chuaigh seisean a thochailt an talaimh agus a chur i bhfolach an airgid a bhí aige óna mháistir.
19 Chuaigh tamall fada thart agus ansin tháinig máistir na seirbhíseach úd gur shocraigh sé a chuntais leo.
20 Agus tháinig an té a fuair na cúig thallann chun tosaigh, ag tabhairt leis cúig thallann eile, agus dúirt sé, ‘A mháistir, thug tú cúig thallann dom; siúd cúig thallann bhreise a ghnóthaigh mé.’
21 Dúirt a mháistir leis, ‘Is maith a chruthaigh tú, a dhea-sheirbhísigh dhílis; bhí tú dílis faoi bheagán, cuirfidh mé os cionn móráin thú; is é do bheatha chuig móráthas do mháistir.’
22 Agus an té a raibh dhá thallann aige, tháinig seisean chun tosaigh, á rá, ‘A mháistir, thug tú dhá thallann dom; seo an dá thallann bhreise atá gnóthaithe agam.’
23 Dúirt a mháistir leis, ‘Is maith a chruthaigh tú, a dhea-sheirbhísigh dhílis; bhí tú dílis i mbeagán, cuirfidh mé thú os cionn móráin; is é do bheatha chuig móráthas do mháistir.’
24 An té sin freisin a fuair an t‑aon tallann amháin, tháinig seisean chun tosaigh, á rá, ‘A mháistir, bhí a fhios agam go raibh tú i d'fhear crua, ceachartha, ag baint san áit nár chroith tú síol, agus ag cruinniú san áit nár bhuail tú arbhar;