2 Bhí cúigear acu amaideach agus cúigear acu ciallmhar.
3 Mar nuair a thug na hamaidí a lampaí leo, níor thug siad fleascáin ola leo lena lampaí;
4 ach thug na hógha céillí fleascáin ola leo lena lampaí.
5 Nuair a rinne an fear nuaphósta moill, bhí siad uile i suan agus i gcodladh.
6 Ach chuaigh gáir amach i meán na hoíche, ‘Seo chugainn an fear nuaphósta! Tagaigí libh amach ina airicis’.
7 D'éirigh na hógha úd ansin agus ghléas siad a lampaí.
8 Agus dúirt na hamaidí leis na hógha céillí, ‘Tugaigí cuid de bhur n‑ola dúinn, mar tá ár lampaí ag dul as.’