28 Bain mar sin an tallann de, agus tabhair é don té a bhfuil na deich dtallann aige.
29 Mar tabharfar a thuilleadh don té a bhfuil aige, agus beidh farasbarr aige; ach an té nach bhfuil aige béarfar uaidh go fiú an mhéid atá aige.
30 Agus caithigí an seirbhíseach gan dóigh sa dorchadas amuigh; áit a mbeifear ag caoi agus na fiacla á ndíoscán.’
31 “Nuair a thiocfas Mac an duine ina ghlóir, agus na haingil uile ina chuideachta, rachaidh sé ansin ina shuí ar chathaoir na glóire.
32 Cruinneofar os a chomhair a bhfuil de chiníocha ann, agus scarfaidh sé gach duine acu óna chéile mar scarann an t‑aoire na caoirigh ó na gabhair,
33 agus cuirfidh sé na caoirigh ar thaobh a láimhe deise, ach beidh na gabhair ar thaobh na láimhe clé.
34 Déarfaidh an Rí ansin le lucht na láimhe deise, ‘Is é bhur mbeatha, a dhream úd ar bheannaigh m'Athair sibh, le dul i seilbh na ríochta atá ullmhaithe in bhur gcomhair ó cuireadh an chruinne ar bun;