36 bhí mé tarnocht agus chuir sibh éadaí ar mo chorp, bhí mé breoite agus thug sibh cuairt orm, bhí me sa phríosún agus tháinig sibh chugam.’
37 Is ansin a gheobhaidh sé an freagra seo ó na fíréin, ‘Cá huair, a Thiarna, a chonaiceamar ocras ort agus a thugamar bia duit, nó tart ort agus a thugamar deoch duit?
38 Agus cá huair a chonaiceamar i do strainséir thú agus a d'fháiltíomar romhat, nó tarnocht agus a chuireamar éadaí ort?
39 Agus cá huair a chonaiceamar thú breoite nó sa phriosún agus a thugamar cuairt ort?’
40 Agus is é seo an freagra a thabharfas an Rí dóibh, ‘Deirim go fírinneach libh, mar atá déanta agaibh don té is lú de na bráithre seo agam, is domsa a rinne sibh é.’
41 Déarfaidh sé ansin le lucht na láimhe clé, ‘Fágaigí m'amharc, a dhream mhallaithe, agus isteach libh sa tíne shíoraí a ullmhaíodh le haghaidh an diabhail agus a chuid droch-aingeal;
42 mar bhí ocras orm agus cheil sibh bia orm, bhí tart orm agus cheil sibh deoch orm,