38 Agus cá huair a chonaiceamar i do strainséir thú agus a d'fháiltíomar romhat, nó tarnocht agus a chuireamar éadaí ort?
39 Agus cá huair a chonaiceamar thú breoite nó sa phriosún agus a thugamar cuairt ort?’
40 Agus is é seo an freagra a thabharfas an Rí dóibh, ‘Deirim go fírinneach libh, mar atá déanta agaibh don té is lú de na bráithre seo agam, is domsa a rinne sibh é.’
41 Déarfaidh sé ansin le lucht na láimhe clé, ‘Fágaigí m'amharc, a dhream mhallaithe, agus isteach libh sa tíne shíoraí a ullmhaíodh le haghaidh an diabhail agus a chuid droch-aingeal;
42 mar bhí ocras orm agus cheil sibh bia orm, bhí tart orm agus cheil sibh deoch orm,
43 i mo strainséir agus bhí doicheall oraibh romham, bhí mé tarnocht agus dhiúltaigh sibh faoi éadaí mé, breoite agus sa phríosún agus d'fhan sibh uaim.’
44 Is ansin a fhreagróidh siadsan freisin, ‘A Thiarna, cá huair a chonaiceamar thú ocrach nó tartmhar nó i do strainséir nó tarnocht nó breoite nó i bpríosún agus nár fhóireamar ort?’