43 i mo strainséir agus bhí doicheall oraibh romham, bhí mé tarnocht agus dhiúltaigh sibh faoi éadaí mé, breoite agus sa phríosún agus d'fhan sibh uaim.’
44 Is ansin a fhreagróidh siadsan freisin, ‘A Thiarna, cá huair a chonaiceamar thú ocrach nó tartmhar nó i do strainséir nó tarnocht nó breoite nó i bpríosún agus nár fhóireamar ort?’
45 Is ansin a fhreagróidh sé iad, ‘Deirim go fírinneach libh, ó nach ndearna sibh é ar an té is lú orthu seo anseo, ní dhearna sibh ormsa é.’
46 Agus imeoidh siadsan chun pianpháise síoraí, ach siúlfaidh na fíréin isteach chun na beatha síoraí.”