8 Agus dúirt na hamaidí leis na hógha céillí, ‘Tugaigí cuid de bhur n‑ola dúinn, mar tá ár lampaí ag dul as.’
9 Ach d'fhreagair na hógha céillí, ‘B'fhéidir nach mbeadh go leor ann dúinne agus daoibhse; is fearr daoibh dul chuig na ceannaithe agus a ceannach daoibh féin.’
10 Agus nuair a bhí siad imithe á ceannach tháinig an fear nuaphósta, agus chuaigh an méid a bhí ullamh roimhe isteach chun na bainise ina chuideachta; agus dúnadh an doras.
11 Ina dhiaidh sin tháinig na hógha eile freisin, á rá, ‘A Thiarna, a Thiarna, oscail an doras romhainn.’
12 Ach d'fhreagair sé, ‘I bhfírinne deirimse libh nach n‑aithním sibh.’
13 Bígí coimeádach mar sin, mar níl fios an lae ná fios na huaire agaibh.
14 “Mar beidh sé mar fhear ag dul ar aistear a ghlaoigh ar a sheirbhísigh agus a chuir cúram a mhaoine uile orthu;