33 Dhearbhaigh Peadar dó, “Má chliseann siad uile go léir ort, ní chlisfidh mise ort.”
34 Arsa Íosa leis, “Deirim i bhfírinne leat, an oíche seo féin, sula nglaonn an coileach, déanfaidh tú mé a shéanadh faoi thrí.”
35 Arsa Peadar leis, “Má tá ar mo chrann bás a fháil i do chuideachta, ní shéanfaidh mé thú.” Agus dúirt na deisceabail uile mar an gcéanna.
36 Chuaigh Íosa leo ansin go dtí áit ar tugadh Getsemaní uirthi, agus dúirt sé lena dheisceabail, “Suígí anseo, go dté mé anonn ansin agus go ndéana mé urnaí.”
37 Agus thug sé leis Peadar agus beirt mhac Shebidé, agus thosaigh tromualach bróin agus buartha ar thitim air.
38 Dúirt sé leo ansin, “Tá m'anam á chrá go mór le brón go bás; fanaigí anseo ag faire liom.”
39 Agus chuaigh sé ar aghaidh beagán gur thit ar a bhéal agus gur ghuigh sé, “A Athair liom, más féidir é, scaoil an cupán seo tharm; ach san am céanna ná bíodh sé mar is toil liomsa, ach mar is toil leatsa.”