1 Nuair a tháinig an mhaidin, chuaigh na hardsagairt uile agus seanóirí an phobail i gcomhairle in aghaidh Íosa lena chur chun báis;
2 agus chuibhrigh siad é agus tharraing siad ar shiúl é agus thug siad do Phíoláid an t‑uachtarán é.
3 Nuair a chonaic Iúdás, an té a rinne a bhrath, go raibh sé daortha, bhí aithreachas air, agus thug sé an tríocha bonn d'airgead ar ais chuig na hardsagairt,
4 á rá, “Tá peaca déanta agam, ag imirt fill ar fhuil neamhchiontach.”Ar siadsan, “Cad é sin dúinne? Fútsa fágtar é.”
5 Agus chaith sé síos uaidh na boinn airgid sa teampall, agus d'imigh sé; agus chuaigh sé agus chroch sé é féin.
6 Ach thóg na hardsagairt na boinn airgid, agus dúirt siad, “Ní ceadmhach a gcur isteach sa chiste, ós airgead fola iad.”