11 Sheas Íosa anois os comhair an uachtaráin; agus d'fhiafraigh an t‑uachtarán de, “An tú Rí na nGiúdach?” Arsa Íosa leis, “Is tú a dúirt é.”
12 Ach nuair a chúisigh na hardsagairt agus na seanóirí é, níor thug sé aon fhreagra.
13 Dúirt Píoláid leis ansin, “Nach gcluineann tú an méid a dhearbhaíonn siad i d'éadan?”
14 Ach níor thug sé freagra dó ar oiread le haon rud amháin a cuireadh ina leith; ar mhodh go raibh iontas mór ar an uachtarán faoi.
15 Anois in am na féile ba nós leis an uachtarán aon phríosúnach amháin a ligean saor chuig an slua, cibé príosúnach ab áil leo.
16 Agus bhí príosúnach amháin acu san am, a raibh drochchlú air, agus Barabas ab ainm dó.
17 Mar sin nuair a bhí siad cruinnithe, arsa Píoláid leo, “Cé acu den bheirt is áil libh mé a ligean saor chugaibh, Barabas, nó Íosa dá ngairtear Críost?”