13 Dúirt Píoláid leis ansin, “Nach gcluineann tú an méid a dhearbhaíonn siad i d'éadan?”
14 Ach níor thug sé freagra dó ar oiread le haon rud amháin a cuireadh ina leith; ar mhodh go raibh iontas mór ar an uachtarán faoi.
15 Anois in am na féile ba nós leis an uachtarán aon phríosúnach amháin a ligean saor chuig an slua, cibé príosúnach ab áil leo.
16 Agus bhí príosúnach amháin acu san am, a raibh drochchlú air, agus Barabas ab ainm dó.
17 Mar sin nuair a bhí siad cruinnithe, arsa Píoláid leo, “Cé acu den bheirt is áil libh mé a ligean saor chugaibh, Barabas, nó Íosa dá ngairtear Críost?”
18 Mar bhí a dhea-fhios aige gur trí fhormad a tugadh suas é.
19 Lena chois sin, bhí sé i ndiaidh scéal a fháil óna bhanchéile agus é ina shuí ar chathaoir an bhreithiúnais, “Fear fíréanta é siúd, ná cuir chuige ná uaidh, mar bhí crá mór orm faoi inniu i mbrionglóid a bhain leis.”