17 Mar sin nuair a bhí siad cruinnithe, arsa Píoláid leo, “Cé acu den bheirt is áil libh mé a ligean saor chugaibh, Barabas, nó Íosa dá ngairtear Críost?”
18 Mar bhí a dhea-fhios aige gur trí fhormad a tugadh suas é.
19 Lena chois sin, bhí sé i ndiaidh scéal a fháil óna bhanchéile agus é ina shuí ar chathaoir an bhreithiúnais, “Fear fíréanta é siúd, ná cuir chuige ná uaidh, mar bhí crá mór orm faoi inniu i mbrionglóid a bhain leis.”
20 Anois bhí na hardsagairt agus na seanóirí i ndiaidh tabhairt ar na daoine Barabas a iarraidh agus Íosa a chur den saol.
21 D'fhiafraigh an t‑uachtarán díobh an dara huair, “Cé acu den bheirt is áil libh mé a ligean saor chugaibh?” “Barabas,” ar siadsan.
22 D'fhiafraigh Píoláid díobh, “Cad é mar sin is cóir a dhéanamh le hÍosa dar sloinne Críost?” Dúirt siad uile le chéile, “Céastar é.”
23 Agus ar seisean, “Cad chuige? Cad é an drochní a rinne sé?” Ach ba mhóide a scairt siad, “Céastar é.”