2 agus chuibhrigh siad é agus tharraing siad ar shiúl é agus thug siad do Phíoláid an t‑uachtarán é.
3 Nuair a chonaic Iúdás, an té a rinne a bhrath, go raibh sé daortha, bhí aithreachas air, agus thug sé an tríocha bonn d'airgead ar ais chuig na hardsagairt,
4 á rá, “Tá peaca déanta agam, ag imirt fill ar fhuil neamhchiontach.”Ar siadsan, “Cad é sin dúinne? Fútsa fágtar é.”
5 Agus chaith sé síos uaidh na boinn airgid sa teampall, agus d'imigh sé; agus chuaigh sé agus chroch sé é féin.
6 Ach thóg na hardsagairt na boinn airgid, agus dúirt siad, “Ní ceadmhach a gcur isteach sa chiste, ós airgead fola iad.”
7 Mar sin ghlac siad comhairle, gur cheannaigh siad leo Páirc an Photaire, mar ionad adhlactha do na coimhthígh.
8 Dá bharr sin gaireadh Páirc na Fola den pháirc úd go dtí an Iá seo.