20 Anois bhí na hardsagairt agus na seanóirí i ndiaidh tabhairt ar na daoine Barabas a iarraidh agus Íosa a chur den saol.
21 D'fhiafraigh an t‑uachtarán díobh an dara huair, “Cé acu den bheirt is áil libh mé a ligean saor chugaibh?” “Barabas,” ar siadsan.
22 D'fhiafraigh Píoláid díobh, “Cad é mar sin is cóir a dhéanamh le hÍosa dar sloinne Críost?” Dúirt siad uile le chéile, “Céastar é.”
23 Agus ar seisean, “Cad chuige? Cad é an drochní a rinne sé?” Ach ba mhóide a scairt siad, “Céastar é.”
24 Nuair a chonaic Píoláid nach raibh ag éirí leis aon ní a dhéanamh ach iaróg a chur ina suí, ghlac sé uisce agus nigh sé a lámha os comhair an tslua, á rá, “Tá mise neamhchiontach i bhfuil an fhir seo; freagraígí sibhse aisti.”
25 Agus d'fhreagair an pobal uile d'aon ghuth, “Bíodh a fhuilsean orainne agus ar ár gclann inár ndiaidh!”
26 Ansin lig sé Barabas saor chucu, agus rinne sé Íosa a sciúrsáil, agus lig dó dul dá chéasadh ansin.