26 Ansin lig sé Barabas saor chucu, agus rinne sé Íosa a sciúrsáil, agus lig dó dul dá chéasadh ansin.
27 Thug saighdiúirí an uachtaráin Íosa leo isteach sa Phraetorium, agus ghlaoigh siad ar an gcathlán uile teacht le chéile roimhe.
28 Agus bhain siad na héadaí de agus chuir siad róba craorag air,
29 agus d'fhigh siad coróin spíonta agus chuir ar a cheann í, agus chuir siad giolcach ina dheasláimh. Agus chuaigh siad ar a ngluine roimhe ag magadh faoi, agus a rá leis, “Fáilte romhat, a Rí na nGiúdach!”
30 Agus chaith siad a seile air, agus rug siad ar an ngiolcach agus bhuail siad léi ar an gceann é.
31 Agus nuair a bhí an magadh déanta acu faoi, bhain siad an róba de, agus chuir a chuid éadaigh féin air, agus thug siad ar shiúl é lena chéasadh.
32 Casadh dóibh ar a siúl amach fear as Círéne arbh ainm dó Síomón; agus chuir siad feidhm ar an duine sin a chrois a iompar.