31 Agus nuair a bhí an magadh déanta acu faoi, bhain siad an róba de, agus chuir a chuid éadaigh féin air, agus thug siad ar shiúl é lena chéasadh.
32 Casadh dóibh ar a siúl amach fear as Círéne arbh ainm dó Síomón; agus chuir siad feidhm ar an duine sin a chrois a iompar.
33 Agus nuair a shroich siad áit a raibh Golgota air (a chiallaíos áit an chloiginn),
34 thairg siad fíon dó le n‑ól a raibh domlas tríd; ach nuair a bhí sé blaiste aige, ní ólfadh sé é.
35 Agus nuair a bhí sé curtha acu ar chrann a chéasta, chaith siad crann ar a éadaí á roinnt eatarthu féin;
36 agus shuigh siad ansin ag faire air.
37 Agus chuir siad an chúis a bhí curtha ina leith os cionn a chinn, agus is é a bhí le léamh, “Is é seo Íosa Rí na nGiúdach.”