46 agus i dtrátha an naoú huair ghlaoigh Íosa in ard a chinn is a ghutha, “Éloí, Éloí lamá sabactání?” Is é sin, “A Dhia liom, a Dhia liom, cad chuige ar thréig tú mé?”
47 Agus dúirt cuid dá raibh ina seasamh thart nuair a chuala siad sin, “Is ag glaoch ar Elía atá an fear seo.”
48 Agus ar an toirt rith duine acu gur ghlac spúinse, agus líon le fínéagar é, agus chuir i mbarr giolcaí é, gur thug dó le n‑ól é.
49 Ach is é a dúirt an chuid eile, “Fanaigí, feicimis an dtiocfaidh Elía lena tharrtháil.”
50 Agus ghlaoigh Íosa arís i nglór ard, agus d'fhág an anáil é.
51 Agus b'shiúd brat an teampaill á réabadh ina dhá leath, ó bharr anuas go bun; agus bhí crith talaimh ann, agus scoilteadh na carraigeacha;
52 osclaíodh freisin na tuamaí agus tógadh mórán de choirp na naomh a bhí ina gcodladh,