50 Agus ghlaoigh Íosa arís i nglór ard, agus d'fhág an anáil é.
51 Agus b'shiúd brat an teampaill á réabadh ina dhá leath, ó bharr anuas go bun; agus bhí crith talaimh ann, agus scoilteadh na carraigeacha;
52 osclaíodh freisin na tuamaí agus tógadh mórán de choirp na naomh a bhí ina gcodladh,
53 agus tháinig siad amach as a dtuamaí i ndiaidh a aiséirithesean agus chuaigh siad isteach go dtí an chathair naofa agus taispeánadh do mhórán iad.
54 I dtaca leis an gceantúir agus an dream a bhí ag faire ar Íosa, nuair a chonaic siad an crith talaimh agus an méid eile a tharla, bhí siad lán d'ómós, agus dúirt siad, “Gan amhras ba é sin Mac Dé!”
55 Bhí a lán ban ansin, ag amharc air i bhfad siar, a bhí i ndiaidh Íosa a leanúint ó Ghalailí, le bheith ag timireacht air,
56 orthusan bhí Muire Mhaghdalénach, agus Muire máthair Shéamais agus Iósaif, agus máthair chlann Shebidé.