55 Bhí a lán ban ansin, ag amharc air i bhfad siar, a bhí i ndiaidh Íosa a leanúint ó Ghalailí, le bheith ag timireacht air,
56 orthusan bhí Muire Mhaghdalénach, agus Muire máthair Shéamais agus Iósaif, agus máthair chlann Shebidé.
57 Nuair a bhí an tráthnóna ann, tháinig fear saibhir as Arimatía a raibh Iósaf mar ainm air, a bhí ina dheisceabal ag Íosa.
58 Chuaigh sé go Píoláid gur iarr corp Íosa. D'ordaigh Píoláid ansin a thabhairt dó.
59 Agus ghlac Iósaf an corp, agus d'fhill i dtaiséadach de línéadach glan é,
60 agus chuir sé ina thuama úrnua féin é, a bhí tochailte aige amach as an gcarraig; agus chas sé cloch mhór thart faoi bhéal an tuama, agus d'imigh leis.
61 Bhi Muire Mhaghdalénach agus an Mhuire eile ansin ina suí os comhair an tuama.