57 Nuair a bhí an tráthnóna ann, tháinig fear saibhir as Arimatía a raibh Iósaf mar ainm air, a bhí ina dheisceabal ag Íosa.
58 Chuaigh sé go Píoláid gur iarr corp Íosa. D'ordaigh Píoláid ansin a thabhairt dó.
59 Agus ghlac Iósaf an corp, agus d'fhill i dtaiséadach de línéadach glan é,
60 agus chuir sé ina thuama úrnua féin é, a bhí tochailte aige amach as an gcarraig; agus chas sé cloch mhór thart faoi bhéal an tuama, agus d'imigh leis.
61 Bhi Muire Mhaghdalénach agus an Mhuire eile ansin ina suí os comhair an tuama.
62 An lá ina dhiaidh sin, is é sin an lá a tháinig i ndiaidh lá an Ullmhaithe, chruinnigh na hardsagairt agus na Fairiséigh os comhair Phíoláid
63 agus dúirt siad, “A dhuine uasail, is cuimhneach linn go ndúirt an mealltóir úd, agus é ina bheo go fóill, ‘I ndiaidh trí lá éireoidh mé arís.’