11 “Is beannaithe sibh féin nuair a bhíos na daoine ag fonóid fúibh agus ag cur géarleanúna oraibh agus gach uile dhrochfhocal á rá acu fúibh go bréagach mar mhaithe liomsa.
12 Bíodh áthas agus lúcháir oraibh, mar is mór an luach saothair atá agaibh ar neamh, mar is ar an nós céanna a chuireadh na daoine géarleanúint ar na fáithe a bhíodh ann romhaibh.
13 “Is sibhse salann an domhain; ach má chailleann an salann a bhlas, conas a dhéanfar goirt arís é? Níl úsáid ann, ach a chaitheamh amach faoi chosa na ndaoine.
14 “Is sibhse crann solais an domhain. Ní féidir cathair a bhíos ar mhullach cnoic a cheilt.
15 Agus ní lasann daoine lampa lena chur faoi bhéal soithigh, ach ar sheastán, agus tugann sé solas ansin dá bhfuil sa teach.
16 Go mba mar sin a bheas bhur solas-sa ag dealramh os comhair na ndaoine, ionas go bhfeice siad bhur ndea-oibreacha agus go dtuga siad an ghlóir do bhur nAthair atá ar neamh.
17 “Ná smaoinígí gur tháinig mise leis an dlí agus na fáithe a chur ar ceal; ní lena gcur ar ceal ach lena gcur i gcrích a tháinig mise.