21 “Chuala sibh go ndúradh leis na daoine a bhí ann fadó, ‘Ná déan marú; agus cibé a dhéanas marú, tabharfar breith air.’
22 Ach is é deirim libh, nach bhfuil duine dá dtéann i bhfeirg lena bhráthair nach dtabharfar breith air; ná duine a thugas masla cainte dá bhráthair nach dtabharfar roimh an ardchomhairle, ná duine a deir ‘A amadáin!’ nach baol dó tinte ifrinn.
23 Mar sin, má tá aisce á toirbhirt agat ar an altóir, agus más cuimhneach leat ansin go bhfuil ábhar casaoide ag do bhráthair ort,
24 fág d'aisce ansin os comhair na haltóra agus imigh uaithi; déan socrú le do bhráthair ar dtús, agus tar ansin a thoirbhirt d'aisce.
25 Bíodh deifir ort le socrú le do chúisitheoir, agus tú ar an mbealach leis go teach na cúirte, ar eagla go dtuga do chúisitheoir i lámha an bhreithimh thú, agus go gcuire an breitheamh idir lámha an gharda thú, agus go gcaitear i bpríosún thú;
26 deirim leat go fíor, ní bhfaighidh tú cead do chinn go dtí go raibh an bonn rua deireannach íoctha agat.
27 “Chuala sibh go ndúradh, ‘Ná déan adhaltranas.’