27 “Chuala sibh go ndúradh, ‘Ná déan adhaltranas.’
28 Ach deirimse libh nach bhfuil duine dá dtugann amharc drúisiúil ar bhean nach bhfuil adhaltranas croí déanta aige léi cheana féin.
29 Má bhíonn do shúil dheas ina ábhar peaca agat, steall amach as do cheann í agus caith uait í; is fearr aon bhall de do bhaill a chailleadh na go gcaithfí do chorp iomlán isteach in ifreann.
30 Agus má bhíonn do lámh dheas ina ábhar peaca agat, gearr díot í agus caith uait í; mar is fearr aon bhall amháin de do bhaill a chailleadh ná go rachadh do chorp iomlán isteach in ifreann.
31 “Dúradh freisin, ‘Cibé duine a scaras lena bhean, tugadh sé teastas dealaithe di.’
32 Ach deirimse nach bhfuil duine dá scarann lena bhean, ach amháin as siocair a mígheanmnaíochta, nach mbíonn ag déanamh banadhaltraigh di; agus an té a phósas bean dhealaithe, bíonn sé ciontach in adhaltranas.
33 “Chuala sibh arís go ndúradh leis na daoine a bhí ann fadó, ‘Ná tabhair mionnaí bréige, ach comhlíon cibé a mhionnaigh tú don Tiarna.’