34 Ach is é a deirimse libh, gan ní ar bith a thabhairt mar mhionn, ná tabhair neamh, ós í ríchathaoir Dé í,
35 ná an talamh, ós é an stól atá faoina chosa é, ná ná tabhair Iarúsailéim, ós í cathair an Ardrí í.
36 Agus ná tabhair do cheann, ó nach féidir leat ribe dá bhfuil air a dhéanamh geal ná dubh.
37 Ná habraigí thar ‘Is ea’ agus ‘Ní hea’; mar is den olc gach ní dá laghad a théas thairis sin.
38 “Chuala sibh mar a dúradh, ‘Súil i gcúiteamh súile agus fiacail i gcúiteamh fiacaile.’
39 Ach deirimse libh gan olc a bheith agaibh do lucht an oilc. Ach an té a bhuaileas ar an leiceann deas thú, tiontaigh an leiceann eile leis;
40 agus an té a chuireas dlí ort faoi do léine, lig dó d'fhallaing a fháil freisin;