38 “Chuala sibh mar a dúradh, ‘Súil i gcúiteamh súile agus fiacail i gcúiteamh fiacaile.’
39 Ach deirimse libh gan olc a bheith agaibh do lucht an oilc. Ach an té a bhuaileas ar an leiceann deas thú, tiontaigh an leiceann eile leis;
40 agus an té a chuireas dlí ort faoi do léine, lig dó d'fhallaing a fháil freisin;
41 agus má chuireann duine feidhm ort míle a shiúl, siúil dhá mhíle leis.
42 Tabhair don té a iarras ort, agus ná diúltaigh an té ar mhian leis iasacht a fháil uait.
43 “Chuala sibh go ndeirtí, ‘Tabhair grá do do chomharsa, agus fuath do do namhaid.’
44 Ach is é a deirim libh, ‘Bíodh grá agaibh do bhur naimhde agus bígí ag guí ar son lucht bhur ngéarleanúna,