4 “Is beannaithe lucht an dobróin, mar tabharfar sólás dóibh.
5 “Is beannaithe na daoine ceansa, mar gheobhaidh siad an domhan mar oidhreacht.
6 “Is beannaithe an lucht a mbíonn ocras agus tart orthu ar son an chirt, mar gheobhaidh siad sásamh.
7 “Is beannaithe lucht na trócaire, mar déanfar trócaire orthu.
8 “Is beannaithe lucht na gcroíthe glana, mar feicfidh siad Dia.
9 “Is beannaithe lucht déanta na síochána, mar tabharfar clann Dé orthu.
10 “Is beannaithe lucht fulaingthe géarleanúna ar son an chirt, mar is leo ríocht na bhflaitheas.