1 “Seachnaígí sibh féin agus ná bígí ag cleachtadh bhur gcráifeachta os comhair an tsaoil ionas go bhfeice na daoine sibh; mar ní bheidh aon luach saothair ó bhur nAthair atá ar neamh agaibh ansin.
2 “Mar sin de, nuair a bhionn tú ag déanamh déirce, ná séid an stoc romhat, mar a dhéanann lucht na bréagchráifeachta sna sionagóga agus sna sráideanna, ionas go bhfaighidh siad moladh ó dhaoine. Deirim libh go fíor, bíonn a luach saothair féin acu.
3 Ach nuair a bhíonn tusa ag déanamh déirce, ná bíodh fios gnótha na láimhe clé ag an láimh dheas,
4 ionas go mbí do dhéirc faoi cheilt; agus tabharfaidh d'Athair a fheiceann a bhfuil faoi cheilt luach do shaothair duit.
5 “Agus nuair a bhíonn sibh ag guí, ná bígí mar lucht na cráifeachta bréige; an dream ar fearr leo bheith ina seasamh ag guí sna sionagóga agus i gcoirnéil na sráideanna, ionas go bhfeice na daoine iad. Deirim libh go fíor go mbíonn a luach saothair féin acu.
6 Ach nuair a bhíonn tusa ag dul a ghuí, gabh isteach i do sheomra agus druid an doras ort féin agus guigh chun d'Athar atá faoi cheilt; agus tabharfaidh d'Athair a fheiceann a bhfuil faoi cheilt luach saothair duit.
7 “Agus ag guí daoibh, ná déanaigí deilín mór fada di ar nós na nGintlithe; a shíleas go bhfaighidh siad éisteacht as méid a mbriathar.