26 Féachaigí éanlaith an aeir: ní bhíonn siad ag cur ná ag baint ná ag cruinniú isteach in iothlainneacha, ach ní lúide a bhíonn bhur nAthair neamhaí ag coinneáil bia leo. Nach fiú níos mó sibhse ná iad?
27 Agus cé agaibh a bhfuil a imní in inmhe aon bhanlámh amháin a chur le fad a shaoil?
28 Agus cad chuige daoibh imní a bheith oraibh i dtaobh na n‑éadaí? Déanaigí machnamh ar lilí an mhachaire, agus ar an bhfás a thagann fúthu; ní dhéanann siad saothar ná sníomh;
29 ach tá mise á insint daoibh, nach raibh Solamh féin faoi iomlán a mhaise chomh gléasta le haon lile acu seo.
30 Ach más mar sin a ghléasas Dia féar an mhachaire, a bhíos inniu go beo agus á chaitheamh isteach i sorn amárach, nach móide go mór a ghléasfaidh sé sibhse, a dhaoine úd an chreidimh bhig?
31 Dá bhrí sin de ná bígí go himníoch agus ná habraigí, ‘Cad é a bheas againn le n‑ithe? nó ‘Cá bhfaighimid aon ní le n‑ól?’ nó' ‘Cad é an t‑éadach a chaithfimid?’
32 Bíonn na nithe seo uile ina gcúram ag na Gintlithe; agus is feasach do bhur nAthair neamhaí go bhfuil riachtanas agaibh leo siúd uile.