15 “Seachnaígí na fáithe bréige, a thagann chugaibh faoi chulaith chaorach, ach atá ina mic tíre craosacha iontu féin istigh.
16 Aithneoidh sibh ar a dtorthaí iad. An gcruinnítear fíonchaora ó chrann sceiche, nó figí ó dhosanna fothannán?
17 Mar sin, tugann gach crann cóir dea-thoradh, ach tugann drochchrann toradh an oilc.
18 Ni fhéadann dea-chrann drochthoradh a iompar, ná drochchrann dea-thoradh a thabhairt.
19 Gearrtar agus caitear sa tine gach uile chrann nach dtugann dea-thoradh.
20 Mar sin aithneoidh sibh ar a dtorthaí iad.
21 “Ní hiad na daoine a bhíos á rá, ‘A Thiarna, a Thiarna’ liom, a rachas isteach i ríocht na bhflaitheas, ach an té sin a chuireas i ngníomh toil m'Atharsa atá ar neamh.