18 Ni fhéadann dea-chrann drochthoradh a iompar, ná drochchrann dea-thoradh a thabhairt.
19 Gearrtar agus caitear sa tine gach uile chrann nach dtugann dea-thoradh.
20 Mar sin aithneoidh sibh ar a dtorthaí iad.
21 “Ní hiad na daoine a bhíos á rá, ‘A Thiarna, a Thiarna’ liom, a rachas isteach i ríocht na bhflaitheas, ach an té sin a chuireas i ngníomh toil m'Atharsa atá ar neamh.
22 An lá úd is iomaí sin duine a déarfas liom, ‘A Thiarna, a Thiarna, nach ndearnamar fáidheadóireacht i d'ainmse, agus nár dhíbríomar deamhain i d'ainmse, agus nach ndearnamar oibreacha móra iontacha i d'ainmse?’
23 Agus is ansin a dhearbhóidh mé dóibh, ‘Ní raibh aithne ná eolas agam oraibh riamh; fágaigí m'amharc, a lucht déanta an oilc.’
24 “Dá bhrí sin de, gach uile dhuine dá n‑éisteann leis na briathra seo agam agus a bhíos á gcur i ngníomh, beidh sé mar an fear eagnaí a thóg a theach ar charraig chloiche;