2 Mar an breithiúnas a thugann sibh a gheobhaidh sibh, agus an miosúr a thomhasfas sibh a thomhasfar libh.
3 Cad chuige ar léir duit an dúradán i súil do bhráthar, agus gan tú ag tabhairt faoi deara na saile atá i do shúil féin?
4 Conas mar sin a fhéadann tú a rá le do bhráthair, ‘Lig dom an dúradán a bhaint as do shúil,’ nuair a bhíos an tsail i do shúil féin?
5 A fhimínigh, bain an tsail as do shúilse ar dtús, agus ansin beidh do shúil glinn leis an dúradán a thógáil amach as súil do bhráthar.
6 “Ná tugaigí an ní naofa do na madraí; agus ná caithigí bhur bpéarlaí roimh na muca, ar eagla go satlaí siad faoina gcosa iad agus go dtiontaí siad thart le bhur stróiceadh as a chéile.
7 “Iarraigí, agus tabharfar daoibh; cuardaígí agus gheobhaidh sibh; buailigí ar an doras, agus osclófar romhaibh é.
8 Mar níl duine dá n‑iarrann nach bhfaigheann, ná duine dá gcuardaíonn nach sroicheann, ná duine dá mbuaileann ar dhoras nach n‑osclaítear roimhe.