24 “Dá bhrí sin de, gach uile dhuine dá n‑éisteann leis na briathra seo agam agus a bhíos á gcur i ngníomh, beidh sé mar an fear eagnaí a thóg a theach ar charraig chloiche;
25 agus thit an fhearthainn, agus d'éirigh na tuilte, agus shíob na gaotha agus bhuail siad an teach úd, ach níor thit sé, as siocair gur bunaíodh ar charraig chloiche é.
26 Agus gach uile dhuine dá n‑éisteann leis na briathra seo agam agus nach mbíonn á gcur i ngníomh, beidh sé mar an fear amaideach a thóg a theach ar mholl gainimh;
27 agus thit an fhearthainn, agus d'éirigh na tuilte, agus shíob na gaotha gur bhuail an teach úd, gur thit sé, agus ba mhór í a thitim.”
28 Nuair a chríochnaigh Íosa an chaint sin, bhí na sluaite ag déanamh iontais dá theagasc
29 mar bhíodh sé á dteagasc mar dhuine a raibh údarás aige, ní ionann is na scríobhaithe.