26 Agus gach uile dhuine dá n‑éisteann leis na briathra seo agam agus nach mbíonn á gcur i ngníomh, beidh sé mar an fear amaideach a thóg a theach ar mholl gainimh;
27 agus thit an fhearthainn, agus d'éirigh na tuilte, agus shíob na gaotha gur bhuail an teach úd, gur thit sé, agus ba mhór í a thitim.”
28 Nuair a chríochnaigh Íosa an chaint sin, bhí na sluaite ag déanamh iontais dá theagasc
29 mar bhíodh sé á dteagasc mar dhuine a raibh údarás aige, ní ionann is na scríobhaithe.