5 A fhimínigh, bain an tsail as do shúilse ar dtús, agus ansin beidh do shúil glinn leis an dúradán a thógáil amach as súil do bhráthar.
6 “Ná tugaigí an ní naofa do na madraí; agus ná caithigí bhur bpéarlaí roimh na muca, ar eagla go satlaí siad faoina gcosa iad agus go dtiontaí siad thart le bhur stróiceadh as a chéile.
7 “Iarraigí, agus tabharfar daoibh; cuardaígí agus gheobhaidh sibh; buailigí ar an doras, agus osclófar romhaibh é.
8 Mar níl duine dá n‑iarrann nach bhfaigheann, ná duine dá gcuardaíonn nach sroicheann, ná duine dá mbuaileann ar dhoras nach n‑osclaítear roimhe.
9 Mar cé agaibh a thabharfas cloch dá mhac, agus é ag iarraidh aráin air?
10 Nó a thabharfas nathair nimhe dó, agus é ag iarraidh éisc?
11 Más eol daoibh, olc is mar atá sibh, dea-thíolaicí a thabhairt do bhur gclann, nach móide go mór a thabharfaidh bhur nAthair atá ar neamh na dea-nithe don dream a bhíos á n‑iarraidh air?