13 Agus dúirt Íosa leis an gceantúir, “Imigh; go ndéantar duit mar atá creidte agat.” Agus leigheasadh an seirbhíseach in alt na móiminte úd.
14 Nuair a chuaigh Íosa isteach i dteach Pheadair, chonaic sé a mháthair chéile ina luí agus an fiabhras uirthi;
15 agus chuir sé a mhéar ar a láimh, agus d'fhág an fiabhras í, agus d'éirigh sí aníos go ndearna freastal air.
16 An tráthnóna úd tugadh chuige mórán a raibh deamhain ina gcoirp; agus dhíbir sé na deamhain le haon bhriathar amháin, agus leigheas sé a raibh breoite.
17 Tharla sin leis an ní a dúirt an fáidh Ísáia a chomhlíonadh, “Ghlac sé air féin ár n‑easláintí agus thóg sé ár n‑aicídí.”
18 Nuair a chonaic Íosa anois na mórshluaite ina thimpeall, thug sé ordú uaidh dul anonn go dtí an taobh eile.
19 Agus tháinig scríobhaí aníos chuige agus dúirt sé leis, “A Oide, leanfaidh mé thú cibé áit a dtéann tú.”