19 Agus tháinig scríobhaí aníos chuige agus dúirt sé leis, “A Oide, leanfaidh mé thú cibé áit a dtéann tú.”
20 Agus arsa Íosa leis, “Bíonn uachaisí ag na madraí rua, agus neadacha ag éanlaith an aeir; ach níl aon áit ag Mac an duine a leagfaidh sé a cheann.”
21 Dúirt duine de na deisceabail leis, “A Thiarna, lig dom imeacht a adhlacadh m'athar.”
22 Ach ba é a dúirt Íosa leis, “Lean mise, agus lig do na marbháin a marbháin féin a adhlacadh.”
23 Agus nuair a chuaigh sé ar an mbád lean a dheisceabail é.
24 Agus b'shiúd doineann mhór ag éirí ar an muir, i dtreo go raibh na tonnta ag líonadh an bháid; ach bhí sé féin ina chodladh.
25 Agus chuaigh siad chuige gur dhúisigh siad é, agus iad á rá, “Tarrthaigh sinn, a Thiarna, táimid caillte.”