2 Agus b'shiúd iad ag iompar pairilisigh chuige, agus é ina luí ar a leaba; agus nuair a chonaic Íosa an creideamh a bhí acu, ar seisean leis an bpairiliseach, “Tóg suas do chroí, a mhic; tá do pheacaí maite.”
3 Agus b'shiúd cuid de na scríobhaithe ag rá ina n‑intinn féin, “Tá an fear seo ag caitheamh masla ar Dhia.”
4 Ach ba léir d'Íosa na smaointe a bhí ina gcroíthe, agus dúirt sé, “Cad chuige a mbíonn na drochsmaointe seo agaibh in bhur gcroíthe?
5 Cé acu is fusa, a rá, ‘Tá do pheacaí maite,’ nó a rá, ‘Éirigh, agus siúil.’
6 Ach sa chaoi go mbeidh fhios agaibh an t‑údarás atá ag Mac an duine ar an talamh le peacaí a mhaitheamh”— ar seisean ansin leis an bpairiliseach—“Éirigh, tóg ort do leaba agus siúil leat abhaile.”
7 Agus leis sin d'éirigh sé agus shiúil sé abhaile.
8 Nuair a chonaic na sluaite sin, bhí eagla orthu, agus thugadar glóir do Dhia, a thug a leithéid d'údarás do dhaoine.