20 Agus b'shiúd bean a mbíodh rith fola uirthi i rith dhá bhliain déag a tháinig aníos ar a chúl amach agus a leag méar ar fhrainse a fhallainge;
21 mar dúirt sí ina hintinn féin, “Slánófar mé, ach mé mo mhéar a chuimilt dá fhallaing.”
22 Thiontaigh Íosa thart, agus nuair a chonaic sé í dúirt sé léi, “Ná bíodh aon imní ort, a iníon; shlánaigh do chreideamh féin thú.” Agus rinneadh an bhean slán folláin ón uair sin amach.
23 Agus nuair a shroích Íosa teach an rialtóra, agus nuair a chonaic sé lucht seinnte na bhfideog, agus an slua agus an gleo a bhí acu,
24 dúirt sé leo, “Imigí libh, ní marbh ach ina codladh atá an cailín.” Agus rinne siad ábhar gáire de.
25 Ach nuair a bhí an slua curtha amach, chuaigh seisean isteach gur rug ar a láimh, agus d'éirigh an cailín ina seasamh.
26 Agus chuaigh an t‑iomrá ar fud na tíre úd.