24 dúirt sé leo, “Imigí libh, ní marbh ach ina codladh atá an cailín.” Agus rinne siad ábhar gáire de.
25 Ach nuair a bhí an slua curtha amach, chuaigh seisean isteach gur rug ar a láimh, agus d'éirigh an cailín ina seasamh.
26 Agus chuaigh an t‑iomrá ar fud na tíre úd.
27 Nuair a chuaigh Íosa ar aghaidh leis as an áit úd, lean beirt dhall é, agus iad ag glaoch in ard a gcinn, “Déan trócaire orainn, a Mhic Dháibhí.”
28 Nuair a chuaigh sé isteach sa teach, tháinig na daill go dtí é; agus d'fhiafraigh Íosa díobh, “An gcreideann sibh gur féidir liom sin a dhéanamh?” Dúirt siad leis, “Creidimid é, a Thiarna.”
29 Chuir sé a mhéar ar a súile ansin, agus dúirt sé, “Déantar libh de réir mar atá creidte agaibh.”
30 Agus osclaíodh a súile. Agus bhagair Íosa go dian orthu, “Tugaigí aire nach mbíonn a fhios ag aon duine.”