29 Chuir sé a mhéar ar a súile ansin, agus dúirt sé, “Déantar libh de réir mar atá creidte agaibh.”
30 Agus osclaíodh a súile. Agus bhagair Íosa go dian orthu, “Tugaigí aire nach mbíonn a fhios ag aon duine.”
31 Ach is é rud, d'imigh siad leo gur scaip a chlú ar fud na tíre úd.
32 Nuair a bhí siadsan ag imeacht, tugadh balbhán chuige a raibh deamhan ann.
33 Agus nuair a bhí an deamhan caite amach, labhair an balbhán; agus rinne na sluaite iontas de, agus dúirt siad, “Ní fhacthas a leithéid in Iosrael.”
34 Ach is é a deireadh na Fairiséigh, “Bíonn sé ag díbirt na ndeamhan le cuidiú phrionsa na ndeamhan.”
35 Agus shiúil Íosa na cathracha agus na bailte beaga uile, ag teagasc ina sionagóga agus ag seanmóireacht shoiscéal na ríochta, agus ag leigheas gach aicíde agus gach easláinte.