9 Nuair a chuaigh Íosa ar aghaidh as sin, chonaic sé fear a raibh Matha mar ainm air ina shuí in oifig na gcánacha; agus ar seisean leis, “Lean mise,” Agus d'éirigh sé agus lean sé é.
10 Nuair a shuigh sé ag bord sa teach, tháinig mórán bailitheoirí cánacha agus peacaigh gur shuigh fúthu i gcuideachta Íosa agus a dheisceabal.
11 Agus nuair a chonaic na Fairiséigh sin, d'fhiafraigh siad dá dheisceabail, “Cad chuige a mbíonn oide bhur muinte ag ithe le bailitheoirí cánacha agus peacaigh?”
12 Ach nuair a chuala seisean é, dúirt sé, “Níl feidhm lia ar an dream atá ina sláinte, ach ar an dream atá breoite.
13 Imigí go bhfoghlaimí sibh cad é is ciall don rá sin, ‘Trócaire agus ní iobairt is mian liom.’ Níor tháinig mise a ghlaoch ar na fíréin, ach ar na peacaigh.”
14 Tháinig deisceabail Eoin chuige ansin, agus dúirt siad leis, “Cad chuige a mbíonn sinne agus na Fairiséigh ag déanamh troscaidh, ach ní dhéanann do dheisceabailse troscadh?”
15 Agus dúirt Íosa leo, “Conas a fhéadann lucht na bainise bheith brónach chomh fada agus a bhíonn an fear nuaphósta leo? Tiocfaidh na laethanta a n‑ardófar uathu an fear nuaphósta, agus déanfaidh siad troscadh ansin.