Lúcás 10 OC1970

1 D'ordaigh an Tiarna seachtó duine eile a chuir sé roimhe ina mbeirteanna go dtí gach uile bhaile agus áitreabh a raibh sé le dul.

2 Agus dúirt sé leo, “Dá mhéid é an fómhar, níl ach dornán beag oibrithe ann; bígí mar sin ag guí Thiarna an fhómhair buanaithe a chur amach chuig a fhómhar.

3 Ach imígí romhaibh; féachaigí, táim do bhur scaipeadh mar a scaipfinn uain i measc mactíre.

4 Ná hiompraígí sparán, ná mála, ná cuaráin; agus ná cuirigí forrán ar aon duine ar an mbealach.

5 Cibé teach ina dtéann sibh, abraigí an chéad uair, ‘An tsíocháin sa teach seo!’

6 Agus má tá mac síochána ann, fanfaidh bhur síocháin air; ach mura bhfuil, fillfidh sé chugaibh arís.

7 Agus fanaigí sa teach céanna sin, ag ithe agus ag ól a soláthraíos siad, mar is fiú a thuarastal an t‑oibrí; ná himígí ó theach go teach.

8 Nuair a théann sibh isteach i mbaile mór agus go bhfáiltíonn siad romhaibh, ithigí a gcuirtear romhaibh;

9 leigheasaigí a bhfuil breoite ann agus abraigí leo, ‘Tá ríocht Dé i ndiaidh teacht i bhfogas daoibh.’

10 Ach nuair a théas sibh isteach i mbaile agus a bhíos doicheall orthu romhaibh, imígí amach i lár a shráideanna agus abraigí os ard,

11 ‘Táimid ag baint dínn go fiú deannaigh bhur mbaile a ghreamaíos dár gcosa mar chomhartha in bhur n‑éadan; ní fhágann sin nach dtugaimid le fios daoibh go bhfuil ríocht Dé i ndiaidh teacht i bhfogas.’

12 Tá mise ag insint daoibh go luífidh an lá úd níos éadroime ar Shodóm ná ar an mbaile úd.

13 Mairg duit, a Chorasin! mo mhairg tú, a Bhétsáida! mar dá ndéanfaí i dTior nó i Siodón na fearta móra a rinneadh ionaibhse, bheadh aithreachas déanta acu fadó agus iad ina suí faoi shaicéadach agus faoi luaithreach.

14 Ach is éadroime a luífidh an breithiúnas ar Thior agus ar Shiodón ná oraibhse!

15 Agus tusa, a Chaparnáum, an ardófar go neamh thú, ní hea ach ísleofar go hIfreann thú.

16 “An té a éisteas libhse éisteann sé liom, agus an té a dhiúltaíos daoibh is dom a dhiúltaíonn sé, agus an té a dhiúltaíos domsa diúltaíonn sé don té a chuir uaidh mé.”

17 D'fhill an seachtó duine faoi áthas agus iad á rá, “A Thiarna, bíonn go fiú na ndeamhan umhal dúinn i d'ainmse!”

18 Agus ar seisean leo, “Chonaic mé Sátan ag titim ó neamh mar a bheadh caor thintrí ann.

19 Féach, tá údarás tugtha agam daoibh le gabháil de chosa ar na nathracha nimhe agus ar na scairpeanna agus ar chumhachtaí uile an namhad; agus ní dhéanfaidh aon ní dochar daoibh.

20 Ach ná bíodh sé ina ábhar lúcháire agaibh na spridí bheith ag umhlú daoibh; ach bíodh lúcháir oraibh go bhfuil bhur n‑ainmneacha scríofa ar neamh.”

21 San uair chéanna úd bhí áthas an Spioraid Naoimh air, agus ar seisean, “Altú duit, a Athair, a Thiarna neimhe agus talaimh, go bhfuil na nithe seo ceilte agat ar lucht na heagna agus ar lucht na tuisceana, agus go bhfuil siad nochtaithe agat do na naíonáin; bíodh amhlaidh, a Athair, ó ba é sin do dhea-thoil.

22 Níl ní nár bhronn an tAthair orm; agus níl aithne ag aon neach ar an Mac ná eolas cé hé ach ag an Athair, ná eolas cé hé an tAthair ach ag an Mac agus ag an té a nochtann an Mac an tAthair dó.”

23 Ansin, agus é ag tiontú i dtreo na ndeisceabal, ar seisean leo ar fhód ar leith, “Is beannaithe na súile a fheiceas an ní a fheiceas sibhse!

24 Mar tá mise ag insint daoibh gurbh iomaí fáidh agus rí arbh fhonn leo an ní a fheiceas sibhse a fheiceáil, agus nach bhfaca é, agus an ní a chluineas sibhse a chluinstin, agus nár chuala é.”

25 Agus b'shiúd dlíodóir a sheas suas á fhéachaint, agus dúirt sé, “A Oide, cad é a dhéanfas mé leis an mbeatha shíoraí a shealbhú?”

26 Ar seisean leis, “Cad é atá scríofa sa dlí? Cad é a léas tú?”

27 Agus d'fhreagair sé, “Gráigh do Thiarna Dia le do chroí uile, agus le d'anam uile, agus le do chumhachtaí uile, agus le d'intinn uile; agus gráigh do chomharsa le grá mar an grá atá agat duit féin.”

28 Agus dúirt sé leis, “Is ceart an freagra sin agat; déan mar sin agus mairfidh tú beo.”

29 Ach ó ba thoil leis é féin a chur sa cheart, dúirt sé le hÍosa, “Agus cé hé mo chomharsa?”

30 D'fhreagair losa, “Bhí fear ag dul síos ó Iarúsailéim go hIericó, agus tharla sé ar bhithiúnaigh, a bhain a éadaí de agus a bhuail é, agus a rinne bogmharú air, agus a d'imigh leo.

31 Agus tharla do shagart bheith ag siúl na slí úd; agus nuair a chonaic sé é, chuaigh sé thairis ar an taobh eile.

32 Agus mar an gcéanna do Lébhíteach, nuair a tháinig sé go dtí an áit agus a chonaic sé é, chuaigh sé thairis ar an taobh eile.

33 Ach tháinig Samaratánach go dtí é ar a aistear: agus nuair a chonaic sé é bhí trua aige dó, agus

34 chuaigh sé chuige agus cheangail sé a chneácha, ag doirteadh ola agus fíona iontu; ansin thóg sé é ar dhroim a bheithígh féin agus thug go teach ósta é, agus thug aire dó.

35 Agus lá arna mhárach thóg sé dhá dhéanar gur thug d'fhear an teach ósta iad, á rá, ‘Tabhair aire dó; agus cibé rud eile a chaithfeas tú air, íocfaidh mé as leat nuair a fhillfeas mé.’

36 Cé acu den triúr a bhí ina chomharsa dairíre, dar leat, ag an té a tharla ar na bithiúnaigh?”

37 Agus ar seisean, “An té a rinne trócaire air.” Agus dúirt Íosa leis, “Imigh agus déan aithris air.”

38 Anois, nuair a lean siad dá slí, chuaigh sé isteach i mbaile; agus chuir bean darbh ainm Marta fáilte roimhe chun a tí.

39 Agus bhí deirfiúr aici a raibh Muire mar ainm uirthi a shuigh ag cosa an Tiarna agus í ag éisteacht lena theagasc.

40 Ach bhí Marta ag déanamh dhá leath di féin le méid a raibh sí ag freastal orthu; agus chuaigh sí chuige go ndúirt leis, “A Thiarna, an cuma leat mo dheirfiúr mé a fhágáil le freastal i m'aonar? Ordaigh di bheith ag cuidiú liom.”

41 Ach is é a d'fhreagair an Tiarna uirthi, “A Mharta, a Mharta, bíonn tusa ag cur imní agus buartha ort féin faoi mhórán.

42 Ach níl riachtanas ach leis an aon ní amháin. Ghabh Muire an dea-mhír mar rogha, agus ní bhainfear di é.”

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24