1 Thóg sé a shúile ansin go bhfaca sé na daoine saibhre ag cur a mbronntanas sa chiste;
2 agus chonaic sé an bhaintreach bhocht nár chuir isteach ach an dá chianóg.
3 Agus dúirt sé, “Déanta na fírinne, is mó atá curtha isteach ag an mbaintreach bhocht seo ná a bhfuil curtha isteach acu uile le chéile;
4 mar thug siadsan fuílleach a bhfairsingeachta, ach chuir sise isteach beo a bochtaineachta agus a raibh aici ar an saol.”
5 Nuair a bhí cuid acu ag cur síos ar an teampall, agus ar mhaise a chloch costasach agus a thíolaicí, ar seisean leo,
6 “An bhfeiceann sibh sin ansin romhaibh? Tá na laethanta ag teacht nach bhfágfar cloch ar mhuin chloiche de nach stróicfear anuas.”
7 Agus d'fhiafraigh siad de, “A Oide, cá huair a bheidh sin amhlaidh, agus cad é an tuar a bheas ann go díreach roimh a theacht?”
8 Agus dúirt sé, “Bígí ar bhur bhfaichill gan ligean d'aon duine bhur gcur ar seachrán; mar is iomaí sin duine a thiocfas i m'ainmse, agus iad á rá, ‘Is mise é!’ agus, ‘Tá an t‑am buailte linn!’ Ná géilligí dóibh siúd.
9 Agus nuair a mhothóidh sibh iomrá ar chogaí agus ar chorraithe, ná bíodh aon uafás oraibh; mar caithfidh a leithéid a bheith ann an chéad uair ach ní thiocfaidh an chríoch uile san am amháin.”
10 Is é a dúirt sé leo ansin, “Éireoidh cine in éadan cine, agus ríocht in aghaidh ríochta;
11 beidh creathanna móra talaimh ann agus gortaí agus plánna in áiteanna éagsúla; agus beidh uafáis agus comharthaí móra ó neamh.
12 Ach roimhe sin uile leagfaidh siad a lámha oraibh agus cuirfidh siad géarleanúint oraibh, do bhur bhfágáil faoi na sionagóga agus na príosúin, agus tarraingeofar os comhair na ríthe agus na n‑uachtarán sibh mar mhaithe le m'ainmse.
13 “Tabharfaidh sin faill daoibh le fianaise a thabhairt.
14 Bíodh sé ina rún croí agaibh mar sin gan bheith ag smaoineamh roimh ré cad é an freagra a thabharfas sibh;
15 mar bronnfaidh mise briathar béil agus eagna chinn oraibh, nach bhféadfaidh bhur gcúiseoirí seasamh roimhe ná a shéanadh.
16 Beidh sibh do bhur dtabhairt suas go fiú ag bhur dtuismitheoirí agus ag bhur gcairde, agus beifear ag cur cuid agaibh chun báis;
17 beidh fuath ag cách daoibh mar mhaithe le m'ainmse.
18 Ach ní scriosfar aon ribe de bhur gcinn.
19 Tiocfaidh sibh slán as ach bheith dochloíte.
20 “Ach nuair a fheiceann sibh saighdiúirí ina sluaite gach taobh de Iarúsailéim, aithneoidh sibh nach fada uaithi bheith ina fásach.
21 San am úd teitheadh a mbeidh in Iúdaea chun na sléibhte, agus imíodh a bhfuil istigh sa chathair aisti, agus ná fillidís uirthi a bhfuil amuigh faoin tír;
22 mar is iad siúd laethanta an díoltais, ar mhodh nach bhfágfar focal dár scríobhadh fúthu nach gcomhlíonfar.
23 Is mairg a bheas ag iompar leanaí agus ag tabhairt cíche sna laethanta úd! Mar beidh angar mór ar an domhan, agus beidh Dia i bhfearg leis an gcine seo;
24 titfidh siad le béal an chlaímh, agus déanfar braighdeanaigh díobh i measc na náisiún uile; agus cuirfear Iarúsailéim faoi chosa na nGintlithe go dtí go mbeidh ré na nGintlithe caite.
25 “Agus beidh comharthaí sa ghrian agus sa ghealach agus sna réaltaí, agus corraí ar chiníocha an domhain, mearbhall cinn orthu ó fhothram na farraige agus ó thuargaint na dtonnta,
26 agus beidh daoine ag titim i laige le heagla nuair a bheas leid acu ar a bhfuil ag bagairt ar an saol; mar bainfear croitheadh as cumhachtaí neimhe.
27 Is ansin a fheicfear Mac an duine ag teacht i néalta neimhe faoi chumhacht agus faoi iomad glóire.
28 Nuair a thosaíonn seo uile ar theacht i gcrích, amharcaigí in airde agus bígí ag tógáil bhur gcinn, mar tá bhur slánú ag teacht in bhur gcomhair.”
29 Agus d'inis sé fáithscéal dóibh: “Amharcaigí ar an gcrann fige agus ar chrainn uile na coille;
30 ní luaithe a thagann duilliúr fúthu ná feiceann sibh é agus aithníonn sibh uaibh féin go bhfuil an samhradh i bhfogas cheana féin.
31 Ar an nós ceannann céanna, nuair a fheicfidh sibh sin uile ag titim amach, aithneoidh sibh go bhfuil ríocht Dé i bhfogas.
32 Is fíor a ndeirim libh, ní rachaidh an ghlúin seo thart do dtí go dtaga sin uile i gcrích.
33 Rachaidh neamh agus talamh as, ach ní rachaidh mo bhriathra as.
34 “Ach bígí féin ar bhur bhfaichill ar eagla go mbeidh troime ar bhur gcroíthe ó dhrabhlás agus ó mheisce agus ó bhuaireamh na beatha seo, ar dhóigh go mbeire an lá úd i dtobainne oraibh mar shúil ribe;
35 mar níl duine dá bhfuil ina chónaí ar uachtar an talaimh nach dtiocfaidh sé air.
36 Ach fanaigí in bhur ndúiseacht i rith an ama, agus bígí ag guí go mbeidh sé de neart agaibh teacht slán as a dtiocfaidh oraibh agus seasamh os comhair Mhac an duine.”
37 Agus bhíodh sé gach uile lá ag teagasc sa teampall, ach d'imíodh sé a chaitheamh na n‑oícheanta ar an sliabh sin a dtugtar Cnoc na nOlóg air.
38 Agus thagadh na daoine uile chuige a éisteacht leis sa teampall ar mhoch na maidine.