Lúcás 14 OC1970

1 Aon sabóid amháin nuair a chuaigh sé chun proinne i dteach uachtaráin de na Fairiséigh, bhíothas á gcoimeád.

2 Agus b'shiúd an fear os a chomhair a raibh an íorpais air.

3 Agus labhair Íosa leis na dlíodóirí agus leis na Fairiséigh, ag fiafraí, “Leigheas a dhéanamh lá na sabóide, cé acu ceadaithe nó crosta é?”

4 Ach d'fhanadarsan ina dtost. Ghlac sé ansin é gur leigheas sé é, agus gur lig sé chun bealaigh é.

5 Agus d'fhiafraigh sé díobh, “Cé agaibh, a dtitfidh a dhamh nó a asal isteach i dtobar lá na sabóide, nach dtarraingeoidh amach é gan mhoill?”

6 Agus níor fhéad siad freagra a thabhairt air sin.

7 Ba ansin a d'inis sé an fáithscéal do lucht na gcuirí, nuair a thug sé faoi deara an dóigh ar mhaith leo tosaíocht áite a bheith acu, agus is é a dúirt sé leo,

8 “Nuair a fhaigheann tú cuireadh chun bainise ó aon duine, ná suigh tusa san áit is onóraí, ar eagla go bhfaighe duine is mó céim ná tú cuireadh uaidh freisin;

9 agus ar eagla go dtiocfaidh an té a thug an cuireadh duitse agus dósan agus go ndéarfadh sé leat, ‘Fág do shuíochán don duine uasal seo,’ agus go mbeidh ort ansin dul sa suíochán is ísle agus tú náirithe.

10 Ach nuair a fhaigheann tú cuireadh, gabh agus suigh san áit is ísle, ar shlí go ndeire fear an tí leat nuair a thiocfaidh sé, ‘A chara liom, tar aníos in airde;’ agus ar an nós sin beidh meas ort ag a bhfuil ina suí ag bord leat.

11 Mar ísleofar an té a ardaíos é féin, agus ardófar an té a íslíos é féin.”

12 Is é a dúirt sé freisin leis an té a thug an cuireadh dó, “Nuair a thugann tusa proinn nó fleá, ná tabhair cuireadh do do chairde ná do do dheartháireacha ná do do dhaoine muinteartha ná do do chomharsana saibhre, ar eagla go dtabharfaidh siad athchuireadh duit, agus go gcúiteofar an chomaoin leat.

13 Ach nuair a thugann tusa fleá uait, tabhair na cuirí do na bochtáin agus do na cithréimigh agus do na bacaigh agus do na daill,

14 agus gheobhaidh tú beannacht, ó nach féidir leo a chúiteamh leat. Ach cúiteofar an chomaoin leat in am aiséirí na bhfíréan.”

15 Nuair a chuala duine dá raibh ina suí ag bord leis sin, dúirt sé leis, “Is méanar a íosfas arán i ríocht Dé!”

16 Ach is é a dúirt sé leis, “Bhí fleá mhór ag fear aon uair amháin, agus thug sé cuirí do mhórán daoine;

17 agus nuair a tháinig am na fleá chuir sé a sheirbhíseach amach lena rá le lucht na gcuirí, ‘Bígí ag teacht; mar tá gach uile ní ullamh anois.’

18 Ach ba é rud, thosaigh siad uile ar dhéanamh leithscéalta. Is é a dúirt duine amháin, ‘Tá píosa talaimh ceannaithe agam, agus caithfidh mé dul a amharc air; gabh mo leithscéal le do thoil.’

19 Agus dúirt an dara duine, ‘Tá cúig chuingir damh ceannaithe agam, agus caithfidh mé dul á bhféachaint; gabh mo leithscéal le do thoil.’

20 Agus dúirt an tríú duine, ‘Tá mé i ndiaidh bean a phósadh, agus sin an fáth nach bhféadaim teacht.’

21 Tháinig an seirbhíseach mar sin gur inis sé an méid sin dá mháistir. Ba ansin a ghlac fear an tí fearg agus a dúirt sé lena sheirbhíseach, ‘Imigh gan mhoill faoi shráideanna agus faoi chúlbhealaí na cathrach, agus tabhair leat isteach na bochtáin agus na cithréimigh agus na daill agus na bacaigh.’

22 Agus dúirt an seirbhíseach leis, ‘A dhuine uasail, tá sé déanta mar a d'ordaigh tú, agus tá tuilleadh slí fágtha go fóill.’

23 Agus dúirt an máistir leis an seirbhíseach, ‘Imigh leat amach faoi chlaíocha an bhealaigh mhóir, agus tarraing na daoine isteach dá ndeoin nó dá n‑ainneoin go dtí go mbeidh mo theach lán.

24 Mar tá mise á insint duit nach mbeidh aon duine de lucht na gcuirí ag blaiseadh mo fhleása.’”

25 Anois bhí sluaite móra ina dhiaidh; agus thiontaigh sé thart agus dúirt sé leo,

26 “Má thagann duine chugam gan fuath a bheith aige ar a athair féin agus ar a mháthair agus ar a bhean agus ar a chlann agus ar a dheartháireacha agus ar a dheirfiúracha, is ea, agus ar a anam féin, ní fhéadann sé bheith ina dheisceabal agam.

27 Cibé duine nach dtógann a chrois féin ar a ghualainn agus nach leanann mo lorg, ní fhéadann sé bheith ina dheisceabal agam.

28 Mar cé agaibh ar mhian leis túr a thógáil, nach suíonn síos an chéad uair leis an gcostas a chomhaireamh, go bhfeice sé an bhfuil go leor aige lena chríochnú?

29 Mura ndéanann sé sin, beidh an dúshraith curtha aige, agus gan cumas aige lena chríochnú, agus níl duine dá bhfeicfidh é nach dtosnóidh ar mhagadh faoi,

30 agus iad á rá, ‘Seo duine a thosaigh ar thógáil, agus nár fhéad a chur i gcrích.’

31 Nó cé an rí, atá le cogadh a chur ar rí eile, nach suíonn síos an chéad uair agus nach nglacann comhairle an féidir leis, nach bhfuil aige ach deich míle fear, aghaidh a thabhairt ar an té a thiocfas amach roimhe le fiche míle?

32 Agus mura féidir leis, chomh fada agus atá an fear eile i bhfad uaidh, cuireann sé teachtairí uaidh ag éileamh síochána.

33 Ar an nós céanna sin, ní fhéadann aon duine bheith ina dheisceabal agamsa mura ndiúltaíonn sé dá bhfuil aige.

34 “Is maith an rud é an salann; ach má chailleann an salann a bhlas, cad é a dhéanfas goirt é athuair?

35 Níl aon mhaith ann do thalamh ná don charn aoiligh; agus bíonn na daoine á chaitheamh uathu. An té a bhfuil cluas le héisteacht air, éisteadh sé.”

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24