Lúcás 24 OC1970

1 Ach ar an gcéad lá den tseachtain, le scaradh oíche agus lae le chéile, chuaigh siad faoi dhéin an tuama, agus iad ag iompar leo na spíosraí a bhí ullmhaithe acu.

2 Chonaic siad gur tógadh an chloch ó thaobh an tuama,

3 ach nuair a chuaigh siad isteach ann, ní raibh an corp le fail.

4 Nuair a bhí siad in amhras faoi sin, b'shiúd beirt fhear ina seasamh rompu in éadaí solasta;

5 agus nuair a tháinig eagla orthu agus a chrom siad a gcinn go talamh, dúirt na fir leo, “Cad chuige daoibh bheith ag iarraidh an bheo i measc na marbh.

6 Cuimhnígí ar a ndúirt sé libh agus é go fóill i nGalailí,

7 go gcaithfí Mac an duine a thabhairt i lámha peacach, agus bheith á chéasadh, agus éirí ar an tríú lá ó mhairbh.”

8 Agus chuimhnigh siad ar na briathra sin aige,

9 agus nuair a d'fhill siad ón tuama d'inis siad an méid sin uile don aon duine dhéag agus don chuid eile.

10 Anois ba iad Muire Mhagdaléanach agus Ióánna agus Muire máthair Shéamais agus na mná eile a bhí leo a d'inis sin do na haspail;

11 ach shíl siad nach raibh sna briathra úd ach caint gan éifeacht, agus níor chreid siad a scéal.

13 An lá céanna bhí beirt acu ar aistear go baile beag dá ngairtear Emmáus, atá tuairim ar sheacht míle amach as Iárúsailéim,

14 agus iad ag comhrá le chéile faoina raibh i ndiaidh titim amach.

15 Chomh fada agus a bhí siadsan ag comhrá agus ag cíoradh an scéil, tháinig Íosa é féin i ndeas dóibh agus chuaigh sé leo.

16 Ach bhí rud éigin ar a súile nár lig dóibh a aithint.

17 Agus ar seisean leo, “Cad é ábhar bhur gcainte sa siúl daoibh?” Agus sheas siad ansin, agus an brón ar a ndreach.

18 Ba ansin a thug duine acu, a raibh Cléópas mar ainm air, freagra air, “An tú amháin atá ar thuras in Iarúsailéim atá in ainbhios ar a bhfuil tar éis titim amach ann sna laethanta seo?”

19 Agus ar seisean, “Cad é sin?” Agus dúirt siad leis, “An méid a bhain le hÍosa Nasara, a bhí ina fháidh mór i mbriathar agus i ngníomh os comhair Dé agus os comhair na ndaoine uile,

20 agus an dóigh ar thug ár n‑ardsagairt agus ár rialtóirí uathu é á theilgean chun báis, agus an dóigh ar chéas siad é.

21 Ach ba é an dóchas a bhí againn, go mba é a bhí le hIosrael a fhuascailt. Agus mar bharr air sin uile, is é seo an tríú lá ó tharla sin uile.

22 Ach chuir cuid de na mná a bhí inár gcuideachta iontas orainn. Bhí siadsan ag an tuama ar mhoch maidine

23 agus ní bhfuair siad a chorp ann; ach tháinig siad agus dúirt siad go bhfaca siad aingil i bhfís, agus go ndúirt siadsan go raibh sé beo.

24 Chuaigh cuid den dream is againne go dtí an tuama, agus chonaic siad go raibh an tuama mar a bhí ráite ag na mná, ach ní bhfuair siad aon amharc air féin.”

25 Agus ar seisean leo, “A dhaoine amaideacha, atá ró-mhallintinneach leis an rud sin a chreidiúint atá ráite ag na fáithe uile!

26 Nach raibh sé riachtanach go bhfulaingeodh an Críost na nithe seo agus go rachadh sé isteach ina ghlóir?”

27 Agus ag tosnú le Maois agus leis na fáithe uile, mhínigh sé dóibh an méid a bhí sna scrioptúir go léir ag baint leis féin.

28 Dhruid siad mar sin leis an mbaile beag a raibh a dtriall air. Chuir sé cuma air féin mar a rachadh sé níos faide,

29 ach ní ghlacfaidís diúltú uaidh, á rá, “Fan againn, mar tá tráthnóna beag ann agus tá an lá beagnach caite.” Mar sin chuaigh sé isteach le fanacht acu.

30 Nuair a shuigh sé ag aon bhord leo, ba é a ghlac an t‑arán agus a bheannaigh agus a bhris é gur thug dóibh é.

31 Osclaíodh ansin a súile gur aithin siad é; agus chuaigh sé ó radharc uathu.

32 Ar siadsan le chéile, “Nach raibh an croí ar lasadh inár gcléibh le linn a chomhrá ar an mbóthar, nuair a bhí sé ag míniú na scrioptúr dúinn?”

33 Agus d'éirígh siad ar an nóiméad gur fhill siad ar Iarúsailéim; gur tháinig ar an aon duine dhéag agus a raibh leo agus iad cruinnithe le chéile,

34 agus iad á rá, “Tá an Tiarna i ndiaidh éiríthe i ndáiríre agus é tar éis é féin a thaispeáint do Shíomón!”

35 D'inis siad ansin ar tharla dóibh ar an mbóthar agus conas a d'aithin siad é ar bhriseadh an aráin.

36 Ní raibh an focal as a mbéal go raibh Íosa é féin ina sheasamh ina measc.

37 Ach is é rud, bhí sceoin agus scanradh orthu, agus iad ag meas gur thaibhse a bhí acu.

38 Agus ar seisean leo, “Cad é ábhar bhur mbuartha agus cad chuige a bhfuil an t‑amhras ag fás in bhur gcroíthe?

39 Féachaigí ar na lámha agus ar na cosa seo, go bhfeice sibh gur mé féin atá ann; mothaígí le bhur méara mé, go bhfeice sibh go bhfuil feoil agus cnámha agam rud nach mbíonn ag taibhse.”

41 Agus nuair nár fhéad siad a chreidiúint go fóill trí mhéid a lúcháire agus a n‑iontais, ar seisean leo, “An bhfuil bia ar bith agaibh anseo?”

42 Agus thug siad giota d'iasc gríosctha dó,

43 agus ghlac sé agus d'ith sé é os a gcomhair.

44 Ar seisean leo ina dhiaidh sin, “Sin é an méid a dúirt mé libh nuair a bhí mé agaibh go fóill, go gcaithfeadh gach uile ní atá scríofa fúmsa i ndlí Mhaois agus ag na fáithe agus sna sailm a bheith á chomhlionadh.”

45 Ba ansin a d'oscail sé a n‑intinn le tuiscint a fháil ar na scrioptúir,

46 agus dúirt sé leo, “Is mar sin atá scríofa, go bhfulaingeodh an Críost a pháis agus go n‑éireodh sé an tríú lá ó mhairbh,

47 agus go mbeadh an aithrí agus maithiúnas na bpeacaí á bhfógairt ina ainmsean do na náisiúin uile, ag tosú ag Iarúsailéim.

48 Tá sibhse in bhur bhfinnéithe ar na nithe sin.

49 Agus féachaigí, táim ag cur an ní a gheall Dia daoibh chugaibh; ach fanaigí sibhse sa chathair, go dtí go gcuirtear an chumhacht neamhaí mar éadach oraibh.”

50 Chuaigh sé rompu ansin amach as an gcathair chomh fada le Bétáin, agus thóg sé a lámha in airde lena bheannacht a fhágáil orthu.

51 Nuair a bhí sé á mbeannú scar sé leo.

52 Agus d'fhill siad ar Iarúsailéim agus iad lán de lúcháir,

53 agus bhídís ag moladh Dé sa teampall i rith an ama.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24