1 Agus dúirt sé lena dheisceabail, “Ní féidir gan cathuithe chun peaca a bheith ann; ach is mairg a chuireas iad.
2 B'fhearrde don té úd dá gcrochfaí cloch mhuilinn faoina mhuineál agus dá gcaifí amach san fharraige é, ná é a bheith ina chúis pheaca ag aon duine beag amháin acu seo.
3 Seachnaígí sibh féin; má pheacaíonn do bhráthair, ceartaigh é, agus má bhíonn aithreachas air, maith dó;
4 agus má pheacaíonn sé i d'éadan seacht n‑uaire i rith an aon lae amháin, agus iompú chugat seacht n‑uaire agus é á rá, ‘Tá aithreachas orm,’ caithfidh tú maithiúnas a thabhairt dó.”
5 Dúirt na haspail leis an Tiarna, “Méadaigh ár gcreideamh!”
6 Agus dúirt an Tiarna leo, “Dá mbeadh oiread gráinne de shíol mustaird de chreideamh agaibh, d'fhéadfadh sibh a rá leis an gcrann fige seo, ‘Bí do do tharraingt aníos as na fréamhacha, a chrainn, agus bí do do phlandú i gceartlár na farraige,’ agus dhéanfadh sé an rud a bhí ráite agat.
7 “An mbeadh seirbhíseach ag treabhadh nó ag buachailleacht caorach ag aon duine agaibh, agus é i ndiaidh teacht isteach chun tí ón bpáirc, agus an ndéarfadh sé leis, ‘Tar agus suigh isteach ag bord gan mhoill’?
8 Nach dóichí ná a athrach go ndéarfaidh sé leis, ‘Ullmhaigh mo shuipéar, agus cóirigh thú féin agus bí ag freastal orm, go raibh mo shá ite agus ólta agam; agus a chead agat ithe agus ól ina dhiaidh sin’?
9 Nó an mbíonn sé ag gabháil buíochais leis an seirbhíseach faoi dhéanamh mar a ordaíodh dó?
10 Bígí sibhse mar iad, agus nuair atá gach aon ní dár ordaíodh daoibh déanta agaibh, bígí á rá, ‘Níl ionainn ach seirbhísigh gan fiúntas; mar níl déanta againn ach ár ndualgas.’”
11 Bhí sé ag dul ar aghaidh idir Samária agus Galailí ar a bhealach go hIarúsailéim.
12 Casadh deichniúr lobhar air agus é ag dul isteach i mbaile beag,
13 agus d'fhan siad ina seasamh tamall uaidh go ndúirt leis in ard a gcinn, “A Íosa, a Mháistir, bíodh trócaire agat orainn.”
14 Nuair a chonaic sé iad dúirt sé leo, “Imígí libh le bhur dtaispeáint féin do na sagairt.” Agus glanadh iad ar a mbealach.
15 Ba ansin a thiontaigh aon duine amháin acu thart, nuair a chonaic sé gur glanadh é, agus é ag moladh Dé in ard a chinn agus a ghutha;
16 agus d'umhlaigh sé go talamh ag cosa Íosa, le buíochas a thabhairt dó. Anois ba Shamaratánach eisean.
17 Ba é a dúirt Íosa ansin, “Nár leigheasadh deichniúr ach cá bhfuil an naonúr eile?
18 Nach raibh aon duine acu ach an coimhthíoch seo arbh fhiú leis filleadh le moladh a thabhairt do Dhia?”
19 Agus dúirt sé leis, “Éirígh agus gabh i gcionn do bhealaigh; is é do chreideamh a shlánaigh thú.”
20 Nuair a d'fhiafraigh na Fairiséigh de cá huair a bhí ríocht Dé le teacht, ba é an freagra a thug sé orthu, “Nuair a thiocfaidh ríocht Dé, ní bheidh aon chomhartha le feiceáil;
21 agus ní bheifear á rá, ‘Féach, seo anseo í!’ nó ‘Siúd thall í!’ Mar féachaigí, tá ríocht Dé ann cheana in bhur gceartlár.”
22 Agus dúirt sé lena dheisceabail, “Tá na laethanta ag teacht a mbeidh sibh ag tnúth le lá amháin de laethanta Mhac an duine a fheiceáil, agus gan é le feiceáil agaibh.
23 Agus déarfar libh, ‘Seo anseo é!’ nó ‘Siúd thall é!’ Ná héirígí amach, agus ná leanaigí iad.
24 Mar is mar chaor thintrí ag soilsiú ó thaobh go taobh na spéire, is amhlaidh a bheidh Mac an duine ina lá féin.
25 Ach roimhe sin is iomaí rud a chaithfeas sé a fhulaingt agus séanfaidh an ghlúin seo é.
26 Mar a bhí sé i laethanta Naoi, is amhlaidh a bheidh i laethanta Mhac an duine.
27 Bhítí ag ithe agus ag ól, ag déanamh cleamhnas agus pósta, go dtí an lá a ndeachaigh Naoi isteach san Áirc, an lá ar tháinig an díle gur bádh iad uile go léir.
28 Beidh freisin mar a bhí i laethanta Lot—bhíodh daoine ag ithe agus ag ól, ag díol agus ag ceannach, ag plandú crann agus ag tógáil tithe,
29 ach an lá a d'fhág Lot Sodóm, is ea a thit an cith tine agus ruibhe anuas ó neamh a scrios an uile dhuine acu—
30 is amhlaidh a bheidh an lá a nochtfar Mac an duine.
31 An lá úd, má tá duine i mullach an tí, agus a mhaoin sa teach, ná tagadh sé anuas isteach lena breith leis; agus mar an gcéanna don té atá amuigh sa pháirc imíodh sé gan filleadh siar.
32 Cuimhnígí ar bhean Lot.
33 An té bhíos ag iarraidh a anam a choinneáil slán is é a chaillfeas é, ach an té a chaillfeas a anam, is é a shlánós é.
34 Táim ag insint daoibh go mbeidh beirt fhear ar an aon leaba; tógfar fear acu, agus fágfar an fear eile.
35 Beidh beirt bhan ag meilt mine le chéile; tógfar bean acu agus fágfar an bhean eile.”
37 Agus d'fhiafraigh siad de, “Cá háit, a Thiarna?” Is é a dúirt sé leo, “An áit a mbeidh an corp, is ann a chruinneos na hiolair le chéile.”