1 Ba sna laethanta úd a chuaigh forógra amach ó Chaesar Águstas le hordú go gclárófaí ainmneacha an tsaoil uile.
2 Ba é sin an chéad chlárú nuair a bhí Cirénius ina uachtarán ar an tSír.
3 Agus chuadar uile go léir le bheith cláraithe, an uile dhuine ag tarraingt ar a chathair féin.
4 Agus chuaigh Iósaf suas mar dhuine ó Ghalailí, ó chathair Nasair, go hIúdaea, go cathair Dháibhí dá ngairtear Bétlehem, ós rud é go mba de theaghlach Dháibhí é féin de réir folaíochta,
5 chun go gclárófaí é féin agus Muire an bhean a raibh lámh agus focal idir é agus í, agus í ag iompar clainne.
6 Agus nuair a bhí siad ansin, tháinig a haimsir.
7 Agus rugadh a céad duine clainne di agus d'fháisc sí i gcrios ceangail é, agus chuir sí ina luí i mainséar é, ó nach raibh áit acu dóibh san ósta.
8 Agus bhí aoirí amuigh i bpáirceanna sa cheantar úd, agus iad ag faire ar a dtréad san oíche.
9 Agus nocht aingeal an Tiarna dóibh, agus lonraigh glóir an Tiarna ina dtimpeall, agus bhí dianeagla orthu.
10 Agus dúirt an t‑aingeal leo, “Ná bíodh eagla oraibh; mar féachaigí, táim ag teacht chugaibh le scéal áthasach a insint daoibh faoin lúcháir atá le bheith ar na daoine uile;
11 óir is inniu a saolaíodh an Slánaitheoir daoibh i gcathair Dháibhí, agus is é an Tiarna Críost é.
12 Agus is é seo an comhartha daoibh, go bhfaighidh sibh leanbh á fháscadh i gcrios ceangail agus é ina luí i mainséar.”
13 Agus i dtobainne b'shiúd slua de shluaite na bhflaitheas i gcoimhdeacht an aingil agus iad ag moladh Dé agus ag rá,
14 “Glóir do Dhia in ard na bhflaitheas, agus síocháin ar talamh i measc na ndaoine a bhfuil aoibh aige iontu!”
15 Ní luaithe a d'imigh na haingil uathu isteach san fhlaitheas ná dúirt na haoirí le chéile, “Téimis soir go Bétlehem go bhfeicimid an ní seo a tharla, a d'fhoilsigh an Tiarna dúinn.”
16 Agus chuadar ann le deifir, go bhfuair siad Muire ann agus Iósaf, agus an leanbh ina luí sa mhainséar.
17 Agus nuair a chonaic siad é d'inis siad ar foilsíodh dóibh i dtaobh an linbh sin;
18 agus níl duine dár chuala nach raibh iontas air faoi ar inis na haoirí dóibh.
19 Ach choinnigh Muire cuimhne ar na nithe sin, agus í ag machnamh orthu ina croí.
20 Agus d'fhill na haoirí, agus iad ag moladh agus ag mórghlóiriú Dé faoinar chuala siad agus faoina bhfaca siad, mar a insíodh dóibh roimh ré.
21 Agus i gcionn ocht lá ina dhiaidh sin, nuair a timpeallghearradh é, tugadh Íosa air, an t‑ainm a bhí tugtha air ag an aingeal sul ar gabhadh i mbroinn é.
22 Agus nuair a tháinig am a nglanta de réir dhlí Mhaois, tugadh aníos go hIarúsailéim é lena thoirbhirt don Tiarna
23 (mar atá scríofa i ndlí an Tiarna “Gan fireann dá n‑osclaíonn broinn nach ngairfear naofa don Tiarna de”)
24 agus le híobairt a ofráil de réir a ndeir dlí an Tiarna, “dhá fhéarán bhreaca, nó dhá cholm óga.”
25 Anois bhí fear ann in Iarúsailéim, arbh ainm dó Siméón, agus b'fhíréanta cráifeach an fear é, agus é ag dréim le séan agus sólás Iosrael, agus bhí an Spiorad Naomh air.
26 Agus bhí an Spiorad Naomh d'éis a nochtadh dó nach mblaisfeadh sé an bás go bhfeicfeadh sé an Críost a chuirfeadh an Tiarna uaidh.
27 Agus tháinig sé isteach sa teampall faoi análú an Spioraid Naoimh; agus nuair a thug na tuismitheoirí an leanbh Íosa isteach, le déanamh dó de réir ghnás an dlí,
28 thóg sé é ina bhachlainn agus thug adhradh do Dhia agus dúirt,
29 “A Thiarna, is anois a cheadaíonn tú do do sheirbhíseach imeacht faoi shíocháin,de réir do bhriathair;
30 mar tá mo shúile d'éis do shlánú a fheiceáil,
31 an slánú a réamhullmhaigh tú os comhair na gciníocha uile,
32 an solas a thabharfadh eolas ort do na Gintlithe, agusan solas a bheadh ina ghlóir do do mhuintir Iosrael.”
33 Agus b'iontach lena athair agus lena mháthair an méid sin a dúradh faoi:
34 agus bheannaigh Siméón iad agus dúirt sé le Muire a mháthair,“Féach, beidh an leanbh seo ina chúis titime agus éirithe ag mórán daoine in Iosrael,agus beidh sé ina chomhartha a bheas á cháineadh
35 (agus rachaidh claíomh trí d'anam féin freisin),ionas go nochtfaí na smaointe i mórán croíthe.”
36 Agus bhí banfháidh ann, Anna iníon Phanuél, de threibh Aser; bhí aois mhór aici, ó mhair sí i gcuideachta a fir seacht mbliana ó bhí sí ina hógh,
37 agus mhair sí ansin ina baintreach go raibh sí ceithre bliana agus ceithre fichid. Níor fhág sí an teampall, agus í ag adhradh Dé le troscadh agus le hurnaí lá agus oíche.
38 Agus tháinig sí aníos chucu san uair sin agus thug sí buíochas do Dhia, agus labhair sí faoi leis an dream uile a bhí ag dréim le slánú Iarúsailéim.
39 Agus nuair a bhí gach ní comhlíonta acu de réir dhlí an Tiarna, d'fhill siad go Galailí, go dtí a gcathair féin, Nasair.
40 Agus d'fhás an leanbh aníos go láidir tréan, agus é lán d'eagna; agus bhí gnaoi ag Dia air.
41 Anois bhí sé ina ghnás ag a thuismitheoirí dul suas go hIarúsailéim gach uile bhliain in am fhéile na Cásca.
42 Agus nuair a bhí sé ina dhá bhliain déag, chuaigh siad suas de réir an nóis;
43 agus nuair a bhí comóradh na féile thart, agus iad ar a mbealach abhaile, d'fhan an macaomh Íosa ina ndiaidh in Iarúsailéim. Níorbh fheasach sin dá thuismitheoirí,
44 ach is amhlaidh a chuaigh siad aistear aon lae amháin, ag síleadh gur leis an gcuideachta é, agus iad á thóraíocht i measc a ndaoine muinteartha agus a lucht aitheantais;
45 agus nuair a theip orthu a fháil, d'fhill siad go hIarúsailéim ar a thuairisc.
46 Agus nuair a bhí trí lá caite acu, tháinig siad air sa teampall, agus é ina shuí i measc na n‑oidí léinn, agus é ag éisteacht leo agus ag cur ceisteanna orthu;
47 agus níl duine dár chuala é nach ndearna iontas ar a thuiscint agus ar a fhreagraí.
48 Agus b'iontach leo a fheiceáil mar sin; agus is é a dúirt a mháthair leis, “A mhic, cad é sin atá déanta agat orainn? Féach mé féin agus d'athair do do chuardach agus ár sá imní orainn.”
49 Ach is é a dúirt sé leo, “Cad chuige daoibh bheith do mo chuardach? An é nár thuig sibh go mba dhual athar dom bheith sa teach athartha?”
50 Agus níor thuig siad an chaint sin a dúirt sé leo.
51 Agus chuaigh sé síos leo go ndeachaigh go Nasair ina gcuideachta, agus d'umhlaigh sé dóibh; agus is amhlaidh a choinnigh a mháthair cuimhne na nithe sin ina croí.
52 Agus bhíodh Íosa ag méadú in eagnaíocht agus in airde, agus gnaoi Dé agus daoine air.