1 Idir an dá am, nuair a bhí oiread mílte den slua cruinnithe go raibh siad i riocht satailte ar a chéile, thosaigh sé ar a rá lena dheisceabail ar dtús, “Seachnaígí laibhín na bhFairiséach, is é sin, seachnaígí a bhfimíneacht.
2 Níl ní dá gcumhdaítear nach nochtfar, ná ní dá gceiltear nach mbeidh ar eolas.
3 Cluinfear sa solas a ndúirt sibh sa dorchadas, agus fógrófar os ard i mullach tithe ar labhair sibh i gcogar i seomraí faoi rún.
4 “Insím daoibh, a dhaoine na páirte, gan eagla a bheith oraibh roimh an dream nach féidir leo ach an cholainn a chur chun báis.
5 Ach fógróidh mé daoibh cé roimhe ar cheart eagla a bheith oraibh: bíodh eagla oraibh roimh an té sin a mbíonn sé de chumhacht aige, tar éis duine a mharú, a chaitheamh isteach in ifreann; is ea, deirim libh eagla a bheith oraibh roimhe sin!
6 Nach ndíoltar cúig ghealbhan ar dhá phingin? Agus ní ligfear aon ghealbhan corr chun dearmaid os comhair Dé.
7 Ar ndóigh, níl ribe ar bhur gcinn nach mbíonn á chuntas. Ní eagal daoibh; is mó bhur luach ná mórán gealbhan.
8 “Agus táim ag insint daoibh, níl duine dá n‑admhaíonn mé os comhair na ndaoine, nach n‑admhóidh Mac an duine é os comhair aingeal Dé,
9 ach an té a shéanas mé os comhair daoine séanfar é os comhair aingeal Dé.
10 Agus níl duine dá labhraíonn focal in aghaidh Mhac an duine nach maithfear dó; ach an té a dhéanas diamhasla in aghaidh an Naomh-Spioraid, ní mhaithfear dó.
11 Agus nuair a thugtar sibh os comhair na sionagóg agus na rialtóirí agus na n‑údarás, ná bíodh imní oraibh conas nó cad é a fhreagróidh sibh nó cad é a déarfaidh sibh;
12 mar múinfidh an Naomh-Spiorad daoibh in alt na huaire úd cad é is cóir daoibh a rá.”
13 Arsa duine den slua leis, “A Oide, ordaigh do mo dheartháir leath den oidhreacht a thabhairt dom.”
14 Ach ar seisean leis, “A dhuine, cé a cheap mise i mo bhreitheamh nó i mo rannadóir os bhur gcionn?”
15 Agus dúirt sé, “Tugaigí aire agus seachnaígí gach sórt sainte; mar ní ionann maoin an tsaoil dá mhéid agus beatha an duine.”
16 Agus d'inis sé fáithscéal dóibh, á rá, “Bhí duine saibhir áirithe ann ar thug a thalamh mórán torthaí;
17 agus smaoinigh sé ina chroí, ‘Cad é a dhéanfas mé, ó nach bhfuil áit agam le mo thorthaí a chur i dtaisce?’
18 Agus dúirt sé, ‘Seo an rud a dhéanfas mé, leagfaidh mé mo sciobóil, agus tógfaidh mé sciobóil is mó ná iad; agus cuirfidh mé a bhfuil d'arbhar agus de mhaoin agam i dtaisce iontu.
19 Agus déarfaidh mé le m'anam, A anam liom, tá mórán mór maoine agat curtha i dtaisce le haghaidh mórán blianta; bain d'aoibhneas as, ith agus ól agus bí go súgach.’
20 Ach is é a dúirt Dia leis, ‘A amadáin, anocht féin a iarrfar d'anam ort; agus na nithe seo atá ullmhaithe agat, cé leis a mbeidh siad?’
21 Is amhlaidh don té a bhíos ag cruinniú stóir mar mhaithe leis féin, agus nach mbíonn saibhir le haghaidh Dé.”
22 Agus dúirt sé lena dheisceabail, “Insím daoibh ar an ábhar sin bheith gan imní faoi bhur mbeatha, cad é a íosfas sibh, ná faoi bhur gcolainn, cad é a chuirfeas sibh oraibh.
23 Mar is fearr bhur mbeo ná bhur mbia, agus is fearr bhur gcolainn ná bhur n‑éadaí.
24 Smaoinígí ar na fiacha dubha; ní bhíonn siad ag cur ná ag baint, agus níl scioból ná iothlainn acu, ach beathaíonn Dia ina dhiaidh sin iad. Nach luachmhaire go mór sibh ná an éanlaith?
25 Agus cé agaibh a chuirfeas aon bhanlámh le fad a bheatha le tréan imní?
26 Mura bhféadann sibh an rud beag bídeach sin a dhéanamh, cad chuige a mbíonn imní oraibh faoi an gcuid eile?
27 Smaoinígí ar na lilí agus conas a fhásann siad; ní bhíonn siad ag saothrú ná ag sníomh; ach táim á insint daoibh, nach raibh Solamh féin inchurtha le haon lile acu seo agus é gléasta in iomlán a mhaise.
28 Ach más mar sin a ghléasas Dia an féar glas atá ag fás go beo sa pháirc inniu agus a bhíos á chaitheamh isteach sa sorn amárach, nach mó go mór a ghléasfaidh sé sibhse, a dhaoine an chreidimh bhig?
29 Agus ná bígí ag iarraidh an ní a íosfas sibh agus a ólfas sibh, agus ná bíodh bhur n‑intinn faoi imní.
30 Mar bíonn náisiúin uile an domhain ag iarraidh na nithe sin; agus is feasach do bhur nAthair go dteastaíonn siad uaibh.
31 Bígí ag iarraidh a ríochta ina n‑áit sin, agus beidh na nithe úd uile agaibh lena cois.
32 “Ná bíodh eagla oraibh, a thréidín liom, mar bhí sé de mhaitheas ag bhur nAthair an ríocht a dheonú daoibh.
33 Díolaigí bhur maoin, agus tugaigí uaibh mar dhéirc i ar ghrá Dé; soláthraígí daoibh féin sparán nach gcríonann, stór ar neamh nach dteipeann, san áit nach dtagann gadaí dá chomhair agus nach mbíonn leamhain á chur ó mhaith.
34 Mar cibé áit a mbeidh bhur stór, is ann a bheidh bhur gcroíthe.
35 “Bíodh bhur leasracha crioslaithe agus bhur lampaí lasta
36 mar fhir ag fanacht lena máistir ag filleadh abhaile ón mbainis, agus iad i bhfáth leis an doras a oscailt roimhe chomh luath agus a thagann sé ag bualadh cnaig air.
37 Is beannaithe iad na sheirbhísigh a bhfaigheann an máistir ina ndúiseacht iad ag teacht dó; deirim go fíor libh go gcrioslóidh sé é féin agus go gcuirfidh ina suí ag bord iad, agus go dtiocfaidh sé ag freastal orthu.
38 Más sa dara nó sa tríú tráth den oíche a thagann sé orthu agus iad amhlaidh, is beannaithe na seirbhísigh úd!
39 Ach tugaim le fios daoibh, dá mbeadh an t‑eolas ag fear an tí faoi cá huair a bhí an gadaí ag teacht, bheadh sé ina dhúiseacht gan ligean dó briseadh isteach ina theach.
40 Caithfidh sibhse bheith ullamh freisin; mar tá Mac an duine ag teacht san uair nach mbeidh súil agaibh leis.”
41 Arsa Peadar leis, “A Thiarna, an dúinne nó an don uile dhuine atá tú ag insint an fháithscéil seo?”
42 Agus dúirt an Tiarna, “Cá bhfuil an stíobhard dílis eagnaí, a chuirfeas a mháistir os cionn a theaghlaigh, go dtabharfaidh sé a gcuid bia dóibh sa tráth ceart?
43 Is beannaithe an seirbhíseach a bhfaigheann a mháistir é ag déanamh amhlaidh nuair a thagann sé.
44 Deirim libh go fíor go gcuirfidh sé os cionn a bhfuil aige é.
45 Ach má deir an seirbhíseach úd leis féin, ‘Beidh moill ar mo mháistir ag teacht,’ agus má théann sé ag greasáil na moghaí agus na gcumhal, agus ag ithe agus ag ól agus ag dul ar meisce,
46 ansin tiocfaidh máistir an tseirbhísigh úd sa lá nach bhfuil sé ag dréim leis agus in uair nach feasach dó, agus bainfidh sé cúiteamh as agus cuirfidh sé leis an dream mídhílis é.
47 Agus an seirbhíseach úd arbh eol dó toil a mháistir, agus nach ndearna réidh agus nach ndearna a thoil, buailfear go trom é.
48 Ach an té nach raibh a fhios aige, agus a thuill a bhualadh, ní bhuailfear ach go héadrom é. An duine ar tugadh mórán dó, iarrfar mórán air; mar dá mhéid a thabharfaidh na daoine d'fhear is amhlaidh is mó a iarrfas siad uaidh.
49 “Tháinig mise le tine a theilgean faoin talamh; agus is mairg nár lasadh go fóill í!
50 Tá orm dul faoi thonn bhaiste; agus táim go mór i sáinn go gcuirfidh mé tharam é!
51 An síleann sibh gur tháinig mise le síocháin a thabhairt don domhan seo? Deirim nach ea, dealú is mó a thiocfas de;
52 mar as seo amach in aon teaghlach amháin beidh dealú idir cúigear, beirt in éadan triúir agus triúr in éadan beirte;
53 dealófar iad, an t‑athair in aghaidh an mhic agus an mac in aghaidh a athar, an mháthair in aghaidh na hiníne agus an iníon in aghaidh a máthar, an mháthair chéile in aghaidh bhean a mic agus an banchliamhain in aghaidh mháthair a céile.”
54 Dúirt sé freisin leis na sluaite, “Níl am dá bhfeiceann sibh an néal ag éirí thiar, nach ndeir sibh ar an toirt go bhfuil an cith ag teacht, agus bíonn sé amhlaidh.
55 Agus nuair a fheiceann sibh go bhfuil an ghaoth ó dheas ag séideadh deir sibh go mbeidh brothall ann; agus bíonn sé amhlaidh.
56 A fhimíneacha! Tá a fhios agaibh tuiscint a bhaint as comharthaí an talaimh agus as comharthaí na spéire; agus cad chuige nach mbíonn tuiscint agaibh ar an saol atá anois ann?
57 “Agus cad chuige nach mbreithníonn sibh uaibh féin cad é is cóir?
58 Nuair atá tusa agus an té atá do do chúisiú ar an mbealach go dtí an breitheamh, déan do dhícheall le teacht ar shocrú leis ar bhur mbealach, ar eagla go dtarraingeoidh sé chuig an mbreitheamh thú, agus go dtabharfaidh an breitheamh i láimh an chonstábla thú, agus go bhfágfaidh an constábla sa phríosún thú.
59 Táim ag insint duit nach bhfuil scaoileadh i ndán duit go raibh an phingin rua dheireannach íoctha agat.”