Lúcás 6 OC1970

1 Tharla dó bheith ag siúl na curaíochta lá na sabóide, agus bhain a dheisceabail na diasa agus d'ith siad iad, á mbrú idir a lámha.

2 Ach dúirt cuid de na Fairiséigh leis, “Cad chuige daoibh ní a dhéanamh nach dlisteanach lá na sabóide?”

3 Agus is é a dúirt Íosa á bhfreagairt, “An é nach bhfuil sin léite agaibh, an ní a rinne Dáibhí nuair a bhí an t‑ocras air féin agus ar a lucht leanúna:

4 nach ndeachaigh sé isteach i dteach Dé gur rug ar arán na toirbhirte, gur ith é, é féin, agus gur thug é don dream a bhí leis? Agus níl sé ceadaithe ach do na sagairt amháin an t‑arán sin a ithe.”

5 Agus ar seisean leo, “Tá Mac an duine ina thiarna os cionn na sabóide.”

6 Tharla dó sabóid eile dul isteach sa tsionagóg agus bheith ag teagasc, agus bhí fear ansin a raibh leathlámh sheargtha air.

7 Agus bhí na scríobhaithe agus na Fairiséigh a choimeád go bhfeicfidís an ndéanfadh sé leigheas lá na sabóide, chun go mbeadh cúis acu lena cur ina leith.

8 Ach bhí a fhios aige féin cé hiad na smaointe a bhí ina n‑intinn, agus dúirt sé leis an bhfear a raibh an leathlámh sheargtha air, “Éirigh i do sheasamh agus seas amach i lár an tí.” Agus d'éirigh sé agus sheas sé.

9 Agus dúirt Íosa leo, “Is í an cheist a chuirim oraibh, cé acu den dá ní sin is ceadmhach lá na sabóide, maith a dhéanamh nó olc a dhéanamh, beo duine a tharrtháil nó bás duine a thabhairt?”

10 Agus d'amharc sé orthu uile as éadan, agus dúirt sé leis sin, “Sín amach do lámh.” Agus rinne seisean amhlaidh, agus leigheasadh a lámh.

11 Ach chuaigh siadsan ar buile, agus thosaigh siad ar dhíospóireacht le chéile faoi cad é a dhéanfaidís d'íosa.

12 Lá de na laethanta úd chuaigh sé amach faoi na sléibhte a dhéanamh urnaí, agus chaith sé an oíche ar fad ag guí Dé.

13 Ansin nuair a tháinig an lá, ghlaoigh sé a dheisceabail chuige, agus thogh sé dáréag amach astu, ar thug sé aspail orthu;

14 Síomón, ar thug sé Peadar air freisin, agus Aindrias a dheartháir, agus Séamas agus Eoin, agus Pilib, agus Parthalón,

15 agus Matha, agus Tomás, agus Séamas mac Alfaeus, agus Síomón an díograiseoir,

16 agus Iúdás mac Shéamais, agus Iúdás Iscariót, an té a d'éirigh amach ina fhealltóir.

17 Agus tháinig sé anuas leo gur sheas in áit réidh, é féin agus slua mór dá dheisceabail agus dream mór daoine as gach áit in Iúdaea agus in Iarúsailéim agus as cóstaí Thiora agus Shiodóin, a tháinig chun go n‑éistfidís leis agus go leigheasfaí óna mbreoiteachtaí iad;

18 agus leigheasadh na daoine a raibh spridí neamhghlana á mbuaireamh.

19 Agus bhí an slua ar fad ag iarraidh lámh a leagan air, mar thagadh cumhacht as a leigheasadh iad uile.

20 Agus d'ardaigh sé féin a shúile a amharc ar a dheisceabail, go ndúirt:“Is beannaithe sibhse, a bhochta, ós libhse ríocht Dé.

21 “Is beannaithe sibhse a bhfuil ocras oraibh anois, mar gheobhaidh sibh bhur sá.“Is beannaithe sibh atá ag caoineadh anois, mar beidh sibh ag gáire.

22 “Is beannaithe sibh nuair a bhíos fuath ag daoine oraibh, agus nuair a dhiúltaíos siad daoibh agus nuair a labhraíos siad olc fúibh, agus nuair a shéanas siad bhur n‑ainm go drochmheasúil mar mhaithe le Mac an duine!

23 Bíodh lúcháir oraibh sa lá úd, agus léimigí le háthas, mar féachaigí, is mór é bhur luach saothair ar neamh; mar is ar an nós ceannann céanna a dhéanadh a n‑aithreachasan géarleanúint ar na fáithe.

24 “Ach is mairg daoibh atá saibhir, mar tá bhur gcuid den sólás agaibh cheana féin.

25 “Is mairg daoibh atá sách anois, mar beidh an t‑ocras oraibh.“Is mairg daoibh atá ag gáire anois, mar beidh sibh ag déanamh bróin agus ag sileadh deor.

26 “Is mairg daoibh nuair nach mbíonn ach an dea-fhocal ag na daoine uile oraibh, mar is amhlaidh a bhíodh a n‑aithreacha siúd le fáithe bréige.

27 “Ach deirim é seo libh, an méid atá ag éisteacht liom, Tugaigí grá do bhur naimhde, déanaigí an mhaith do lucht bhur bhfuatha,

28 beannaígí an dream a chuireas a mallacht oraibh, déanaigí urnaí ar son an dreama a bhíos ag fonóid oraibh.

29 Nuair a thugann duine buille boise duit ar an leiceann, tabhair an leiceann eile dó freisin; agus ná ceil do léine ar an té a thógas d'fhallaing uait.

30 Tabhair uait don uile dhuine a iarras ort; agus ná hiarr ar an té a bheireas a bhfuil agat uait é a thabhairt ar ais.

31 Déanaigí leis na daoine go díreach mar ba mhaith libh iad a dhéanamh libh.

32 “Mar má thugann sibh grá don dream a ghráíos sibh, cad é an t‑ábhar maíte atá agaibh? Nach ngráíonn na peacaigh féin an dream a ghráíos iad?

33 Agus má dhéanann sibh maith don dream a dhéanas maith daoibh, cad é an t‑ábhar maíte atá agaibh ansin? Nach mbíonn na peacaigh ag déanamh an rud céanna?

34 Agus má thugann sibh iasachtaí don dream a bhfuil sibh ag súil le ní a fháil uathu, cad é an t‑ábhar maíte atá agaibh ann? Nach dtugann peacaigh iasachtaí do pheacaigh ionas go bhfaighidh siad a gceart.

35 Ach bíodh grá agaibhse do bhur naimhde, agus déanaigí an mhaith, agus tugaigí ar iasacht gan súil le haon ní a fháil ar ais; agus is mór an luach saothair a bheas agaibh, agus sibh in bhur gclann mhac ag an Té is Airde; an Té sin a bhíos go maith do lucht an mhíbhuíochais agus an oilc.

36 Bígíse trócaireach, mar atá bhur nAthairse trócaireach.

37 “Ná tugaigí breith, agus ní thabharfar breith oraibh; ná daoraigí aon duine, agus ní dhaorfar sibhse; tugaigí maithiúnas, agus maithfear daoibh;

38 tugaigí uaibh, agus tabharfar daoibh; roinn fhial fhlaithiúil, a dhingfear agus a chroithfear go gcuire sé thar bhruacha, a dhoirtfear isteach in bhur n‑ucht. Mar tomhaisfear chugaibh de réir an tomhais a thugann sibh uaibh.”

39 Agus d'aithris sé fáithscéal dóibh: “An féidir le dall eolas a dhéanamh do dhall? Nach dtitfidh siad araon isteach i bpoll?

40 Níl an foghlaimeoir os cionn a oide, ach an té a bhfuil an t‑iomlán foghlamtha aige bíonn sé ar aon dul lena oide.

41 Cad chuige ar léir duit an dúradán atá i súil do dhearthár, agus nach bhfuil aird agat ar an tsail atá i do shúil féin?

42 Cad é mar fhéadann tú a rá le do dheartháir, ‘A dheartháir, lig dom an dúradán a bhaint as do shúilse,’ nuair nach bhfeiceann tú go bhfuil sail i do shúil féin? A fhimínigh, ardaigh an chéad uair an tsail amach as do shúil féin, agus ansin beidh an t‑amharc glan agat leis an dúradán a bhaint as súil do dhearthár.

43 “Mar ní bhíonn dea-chrann ann a thugas drochthoradh, nó drochchrann ann a thugas dea-thoradh;

44 mar aithnítear crann ar a thoradh féin. Ní bhaintear figí ó sceacha, ná caora fíniúna ó dhriseoga.

45 Tugann an dea-dhuine an dea-rud amach ón dea-stór atá aige ina chroí istigh, agus tugann an drochdhuine an drochrud amach ón olc atá ann istigh; mar labhraíonn a bhéal ar an ní a líonas a chroí.

46 “Cad chuige a nglaonn sibh Tiarna díom agus a ndeir sibh ‘A Thiarna’ liom, nuair nach ndéanann sibh mar a deirim libh?

47 Ach inseoidh mé daoibh cad é a bhfuil sé cosúil leis, an té sin a éisteas le mo bhriathra agus a chuireas i ngníomh iad:

48 is cosúil é le fear a bhí ag tógáil tí, a thochail go domhain, agus a leag an chloch bhuin ar an gcarraig; agus nuair a d'éirigh an díle, tháinig an tuile thar an teach úd, ach níor fhéad sí corraí a bhaint as ó bhí sé tógtha go maith.

49 Ach an té sin a éisteas agus nach gcuireann i ngníomh é, is cosúil é le fear a thóg teach ar an talamh gan bhun gan dúshraith, agus ar tháinig an tuile díleann air, gur thit sé as a chéile ar an toirt, agus ba mhór é briseadh an tí úd.”

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24